An difríocht idir athruithe ar: "Na Trioblóidí"

m
m
Creideann na hAontachtóirí gurbh é bunú na Sealadach ba phríomhchúis. Is éard a bhí sna Sealadaigh ná scoiltghrúpa de chuid an IRA. Nuair a d'éirigh an tIRA faoi cheannas [[Cathal Goulding|Chathail Goulding]] as an bhforéigean polaitiúil le dul le polaitíocht shíochánta ar thaobh na heite clé, bhí cuid mhaith den eagraíocht míshásta leis an gcomhairle seo, agus bhunaigh siad an tIRA Sealadach le leanúint leis an ngleic armtha. Bhí an tIRA Sealadach dírithe ar "chosaint an phobail Chaitlicigh", seachas ar aontú trasphobail an "lucht oibre" a bhí idir lámhaibh ag an "IRA Oifigiúil". Mar sin, bhí cuma sách seicteach ar na Sealadaigh, mar eagraíocht. Is é is dóigh leis na hAontachtóirí ná gurbh é feachtas míleata na Sealadaigh a tharraing na Trioblóidí anuas ar an stáitín agus a choinnigh ar siúl iad.
 
Is é tuairim na Náisiúnaithe, arís, gurbh é ba chúis le fás an fhoréigin ná an mealladh a baineadh as an bpobal Caitliceach nuair a chuaigh de lucht na gCeart Sibhialta dóchas na gCaitliceach a shásamh, gan aon trácht a dhéanamh ar an gcos ar bolg a himríodh ar an bpobal ina dhiaidh sin. Luann siad a lán imeachtaí sna blianta seo mar chúiseanna, cosúil le Cuirfiú na bh[[NaBóthar Fáilna bhFál|Fál]] i Mí Iúil 1970. Choinnigh trí mhíle saighdiúir Sasanach an cuirfiú i bhfeidhm ar cheantar na bh[[Na Fáil Íochtaracha|Fál Íochtarach]] i mBéal Feirste, agus scaoil siad níos mó ná míle go leith d'urchair le linn na troda a chuir siad ar an IRA. Maraíodh ceathrar daoine. Scéal eile den chineál seo ab ea é an t-imtheorannú. Is é is brí leis an imtheorannú ná daoine a chimiú is a choinneáil i mbraighdeanas ar an t-aon chúis amháin go bhfuiltear in amhrás fúthu, gan bhreith cúirte. Tugadh an t-imtheorannú isteach sa bhliain 1971, agus cimíodh níos mó ná trí chéad go leith de dhaoine. Ní raibh ach beirt acu ina bProtastúnaigh, agus mar sin, ghlac na Caitlicigh leis gur beart seicteach eile a bhí ann a bhí dírithe ar na Náisiúnaithe amháin. Ní raibh córas faisnéise an Airm ag obair go rómhaith, nó is iomaí duine acu siúd a himtheorannaíodh nach raibh baint dá laghad aige leis an IRA. Ní ba mheasa fós, agus an gheit a bhain an t-imtheorannú as na daoine éigiontacha, is iomaí duine acu siúd a chuaigh leis an bPoblachtánachas ní ba deireanaí, agus iad suite siúráilte go raibh an ceart ag na Sealadaigh i ndiaidh an iomláin. Sna blianta 1971-1975, chaith 1981 duine seal i mbraighdeanas den chineál seo. Bhí 1874 daoine acu ina gCaitlicigh nó ina bPoblachtánaigh, agus 107 ina bPoblachtánaigh nó ina nDílseoirí. Bhí ráflaí ag dul timpeall i measc na gCaitliceach go rabhthas ag céasadh na ndaoine imtheorannaithe. Thar aon rud eile, áfach, luann na Náisiúnaithe [[Domhnach na Fola (1972)|Domhnach na Fola]] i n[[Doire]] i Mí Eanáir 1972, nuair a mharaigh na saighdiúirí dearga ceathrar déag de dhaoine neamharmtha le linn léirsiú a bhí ag éileamh cearta sibhialta do na Caitlicigh.
 
Tháinig [[na Sealadaigh]] le chéile mar dhream ar leith sa dara leath den bhliain 1969. Nuair a bhí na péas agus na Dílseoirí ag ionsaí an phobail Chaitlicigh, bhí na Sealadaigh ag cur ina n-aghaidh go foghach fíochmhar, agus dá bharr sin, fuair siad an-tacaíocht ó mhuintir na ngeiteonna Caitliceacha. Cé go raibh na hOifigiúlaigh dírithe ar éirí as an bhfeachtas míleata, chrom siad féin ar an ngleic armtha uaireanta i bhfianaise an dóigh a raibh an caidreamh idir an pobal Caitliceach agus Arm na Breataine ag dul chun donais. Ón mbliain 1970 ar aghaidh bhí na hOifigiúlaigh agus na Sealadaigh araon sáite i gcogaíocht leis na saighdiúirí dearga.
Is é an freagra a thug na sceimhlitheoirí Dílseacha, cosúil le Fórsa Óglaigh Uladh agus Cumann Cosanta Uladh, a bhí díreach bunaithe, ar fhás an fhoréigin ná gur chrom siad ar na Caitlicigh a mharú. Feallmharfóireacht sheicteach a bhí i gceist, nó ba dóigh leis na Dílseoirí gur náisiúnaithe agus "Fíníní" ab ea iad na Caitlicigh go léir. Bhí cuid de na dúnmharuithe seo as pabhar gránna. Scéal as an ngnáth ab ea iad [[Búistéirí na Seanchille]]. Dream de Dhílseoirí a bhí iontu a raibh sé de nós acu a gcuid íobartach a bhualadh, a chéasadh agus a ghearradh le scian sula maróidís iad. Mharaigh na Sealadaigh daoine ar chúiseanna seicteacha freisin. Mar shampla, i Mí Eanáir 1976, nuair a bhí seisear sibhialtach Caitliceach dúnmharaithe ag Dílseoirí, d'imir siad díoltas ar an bpobal Protastúnach ar fad trí dheichniúr sibhialtach Protastúnach a chriathrú le piléir. Tugtar Sléacht Mhuileann an Rí ar an ródach seo. Gné eile den fhoréigean pholaitiúil ab ea é an dóigh a rabhthas ag ruaigeadh Caitlicigh agus Protastúnaigh as ceantair mheasctha. Mar shampla, b'éigean do na Protastúnaigh bailiú leo as Léana an Dúin i mBéal Feirste, agus cuireadh d'fhiacha ar na Caitlicigh glanadh as Ráth Cúil agus as Westvale. I nDoire, arís, chuaigh na Protastúnaigh ar lorg dídine i nDoire Trasna agus in Eastát an Fhuaráin, a raibh na Protastúnaigh ina dtromlach iontu.
 
Is é an tuiscint a bhain rialtas na Ríochta Aontaithe i Londain as na himeachtaí seo ná nach raibh córas riaracháin Thuaisceart Éireann ábalta an tsíocháin a choimeád, agus sa bhliain 1972, chuir siad rialtas déabhlóidithe an Tuaiscirt ar fionraí. Ina áit sin, thug siad isteach an Riail Dhíreach, is é sin, b'iad an lucht rialtais i Londain a bheadh i gceannas ar an Tuaisceart feasta. Chrom an rialtas ar na fadhbanna a fhuascailt a bhí ag déanamh scime do ghluaiseacht na gceart sibhialta: tarraingíodh teorainneacha nua idir na toghlaigh a bhí claonroinnte ag na hAontachtóirí roimhe sin, tugadh vótaí do na saoránaigh go léir sna toghcháin áitiúla, agus bunaíodh Feidhmeannas Tithíochta Thuaisceart Éireann leis an tithíocht phoiblí a roinnt go cothrom, mar shampla. Ceapadh an Riail Dhíreach, ar dtús, mar chéim ghearrthéarmach, ach b'í an straitéis mheántéarmach ná an féinrialtas a thabhairt ar ais don Tuaisceart ar choinníollacha a bheadh inghlactha ag na hAontachtóirí agus na Náisiúnaithe araon. Níor éirigh leis an rialtas coinníollacha den chineál sin a leagan amach, agus mar sin, lean na Trioblóidí leo faoi lán an tseoil tríd na seachtóidí agus na hochtóidí.
 
==Comhaontú Sunningdale==
2,270

edits