An difríocht idir athruithe ar: "Mícheál Ó Duibhir (réabhlóidí)"

náisiúnaí Éireannach
Content deleted Content added
No edit summary
(No difference)

Leagan ó 14:50, 12 Márta 2006

Ball de na hÉireannaigh Aontaithe. Rugadh é i 1772. Bhí sé páirteach in Éirí Amach 1798. Nuair a theip ar an Éirí Amach chúlaigh sé le buíon fear go Gleann Imeáil, agus throid siad ar feadh cúig bliana eile i Sléibhte Chill Mhantáin go dtí mí na Nollag 1803, nuair a theip ar éirí amach Robert Emmet i mBaile Átha Cliath.

Bhí ag éirí chomh maith sin le feachtas Uí Dhuibhir go raibh ar na húdaráis bóthar míleata a thógáil ón chathair isteach sna sléibhte, agus cúig bheairic air, sula raibh siad ábalta é a ghabháil. Tar éis mórán eachtraí d'aontaigh Ó Duibhir go ngéillfeadh sé a fhad is go dtabharfaí saorchead dó féin agus dá chuid fear go Meiriceá. Ach cuireadh i bPríosún Chill Maighneann é agus as sin chun na hAstráil é. Bhí feirm aige ansin, ach bhí deacrachtaí aige leis na húdaráis arís. Cuireadh go hOileán Norfolk é ar feadh tamaill ach tugadh pardún dó agus d'fhill sé ar an fheirmeoireacht.

Bhí sé i gceannas ar na póilíní i gceantar in aice le Sydney, ach briseadh as a phost é mar gheall ar a chuid ólacháin. Bhí teach tábhairne aige ar feadh tamaill chomh maith, ach níor éirigh go maith leis. Bhí talamh á cheannach agus á dhíol aige ansin agus rinne sé go leor airgid chun teach phobail (séipéal) a thógáil.

D'éag sé ar an 23 Lúnasa 1825. I 1898 nochtadh leacht mór ar a uaigh os comhair 200 míle duine.