An difríocht idir athruithe ar: "Dominique de Villepin"

Content deleted Content added
Iolar (plé | dréachtaí)
No edit summary
 
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Dominique villepin.jpg|mion|Dominique de Villepin]]
Príomh-Aire reatha na [[An Fhrainc|Fraince]] reatha is ea '''Dominique de Villepin''' nó '''Dominique Marie François René Galouzeau de Villepin''' golena hiomlánainm ([[14 Samhain]] [[1951]]iomlán a rugadhthabhairt é). Rugadh i [[Rabat]], [[Maracó]] é ar an [[14 Samhain]] [[1951]].
 
Tógadh é i [[Veiniséala]] agus in áiteanna eile i Meiriceá Theas. D'fhreastail sé ar an École Nationale d'administration, scoil iarchéimithe ina n-oileann an Fhrainc a státseirbhigh sinsireacha. Ghnóthaigh sé céimeanna sa dlín agus sa litríocht ó chúpla ollscoil chomh maith. Bhí sé ina chéad rúnaí in Ambasáidí na Fraince i Washingtton D.C. agus ina dhara chomhairleoir san ambasáid i Deilí Nua na hIndia sula ndearnadh príomhchomhairleoir na hAfraice sa Roinn Gnóthaí Eachtrannacha de i 1992. Bhí sé ina chomhairleoir ar ghnóthaí eachtrannacha do [[Jacques Chirac]] ó thús na 1980í. Bhí sé ina stiúrthóir toghcháin ag Chirac sa bhfeachtas uachtaránachta i 1995, agus ceapadh é ina Rúnaí Ginearálta ar Phálás an Elysée le linn céad thréimhse Chirac mar Uachtarán na Poblachta, 1995-2002. Rinne sé botún ansin i 1997 nuair a chomhairligh sé don uachtarán olltoghchán a ghairm. Chaill Chirac an toghchán sin agus rinne de Villepin iarracht éirí as oifig ach níor ligeadh dó. Tá de Villepin ag iomaíocht ó shin le Nicholas Sarkozy le bheith ina oidhre ar Chirac mar uachtarán.
 
==Aire Gnóthaí Eachtrannacha==
Cheap Chirac mar aire gnóthaí eachtrannacha é sa chomhaireacht a bhí ag an bPríomhaire Raffarin i 2002. Sa phost sin bhí baint aige le hionsaí na Fraince ar Aerfhórsa Cote d'Ivoire i 2002 nuair a d'ionsaigh fórsaí na tíre sin garastún na Fraince. Chuir sé brú ar uachtarán Haití, [[Jean-Bertrand Aristide]] éirí as oifig chomh maith, nuair a bhí trioblóid sa tír sin. Ach ba mar gheall ar a sheasamh in aghaidh bhréaga na Meiriceánach sna Náisiún Aontaithe faoi airm ollscriosta a bheith ag an Iaráic a thuill de Villepin clú agus cáil dó féin ar fud an domhain. Chuir sé go láidir in aghaidh iarrachtaí SAM tacaíocht na Náisiún Aontaithe a fháil don ionradh ar an Iaráic i 2003.
 
Nuair a rinneadh Aire Airgeadais de Sarkozy tugadh Villepin abhaile mar Aire Gnóthaí Baile ar an 31 Márta 2004. Nuair a theip ar Raffarin sa bhfeachtas ar son bhunreacht na hEorpa i reifreann ar an 29 Bealtaine 2005, d'éirigh sé as oifig agus ceapadh de Villepin ina áit. Glactar leis go bhfuil súil de Villepin ar an uachtaránacht, agus beidh sé san iomaíocht le Sarkozy chun ainmniúchán na bpáirtithe ar an eite dheis a fháil.
Thuill sé cáil mar scríbhneoir agus mar thaidhleoir sula ndeachaigh sé le polaitíocht, cé nár toghadh riamh é.
 
 
[[catagóir:daoine a rugadh i 1951| Villepin, Dominique]]