An difríocht idir athruithe ar: "Steve Finnan"

Content deleted Content added
m Athainmníodh Stiofán Ó Fionáin mar Steve Finnan: Per COMMONNAME and per talk
m robot Adding: vi:Steve Finnan; cosmetic changes
Líne 2:
Peileadóir [[sacar|sacair]] é '''Steve Finnan''' (nó ''Stiofán Ó Fionáin'') a rugadh i mBaile na Cora Thiar i gCathair [[Luimneach|Luimnigh]] ar an [[24 Aibreán|24ú Aibreán]] [[1976]]. Imríonn sé dá chlub Espanyol agus ar [[Foireann náisiúnta sacair Phoblacht na hÉireann|fhoireann idirnáisiunta na hÉireann]], de gnáth mar thaca deas.
 
== Óige ==
Chuaigh a chlann ar imirce go [[Sasana]] nuair a bhí Stiofán ach ceithre blian d’aois agus d’fhás sé suas i Chelmsford, Essex. Tá mórán gaolta fós aige i Luimneach agus baineann sé an-mhórtas as a Ghaelachas, rud a admhaíonn sé arís is arís in agallaimh poiblí. Is col ceathar dó Ailbe Ó Fionáin (''Albert Finnan''), imreoir CP Luimnigh i mblianta na 1990í.
 
== Tús Imirte ==
Ba Welling United i Léag an Deiscirt a chéad club ach ba le Birmingham City a d’imir sé don chéad uair mar gairm-pheileadóir sa bhlian 1995. Ni bhfuair sé ach 15 cluichí leo, áfach, agus d’aistriigh sé go Notts County an blian dár gcionn. Tar éis dhá bhlian agus 80 cluiche leosan, d’íoch an chlub as [[Londain]] Fulham £600,000 air agus ba bhall dá fhoireann a bhain áit sa Phremiership amach sa bhlian 2002. Aithníodh mar imreoir an-thapaidh é{{fíoras}} le an-scil chros-phas chun an liathróid a dhíriú ar na lár-thosaithe istigh sa bhosca éirice{{fíoras}}.
 
== Learpholl ==
[[Íomhá:Ardanfinnan.jpg|clé|200px|thumb|Ó Fionáin i lár an aicsin le Learpholl.]]
D’íoch Learpholl €4,900,000 chun a chonartha a cheannach sa bhlian 2003. Gortáiodh go minic é le linn a chéad bhliana sa chlub ach ghnóthaigh sé geansaí uimhir 2 dó féin ag tús an séasuir dá gcionn. Sa bhlian chéanna, bhuaigh sé boinn sa Charling Cup agus i Sraith Seaimpín [[UEFA]] cé go raibh air an pháirc a fhágaint ag leath-am sa chluiche ceannais i gcoinne [[A.C. Milan]] de bharr gortú coise. D'imir sé le [[Liverpool Football Club|Learpholl]] ó [[2003]] go [[2008]].
 
== Idirnáisiúnta ==
D’imir Stiofán ar fhoireann na hÉireann don chéad uair ar an [[26 Aibreán|26ú Aibreán]], 2000 i [[Bóthar Lansdún|mBóthar Lansdúin]] i gcoinne na [[An Ghréig|Gréige]]. Tháinig sé isteach san fhoireann tar éis gortú Stiofán Mac Giolla Chearra agus is céad rogha na dtacaithe é beagnach ó shin i leith.
 
Líne 45:
[[sv:Steve Finnan]]
[[tr:Steve Finnan]]
[[vi:Steve Finnan]]
[[zh:史蒂夫·芬南]]
[[zh-yue:芬倫]]