An difríocht idir athruithe ar: "Na Ceithre Cúirteanna"

Content deleted Content added
m robot Adding: eu:Four Courts
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Dublin four courts.JPG|300px|thumb|Na Ceithre Cúirteanna le [[James Gandon]], ar bhruach na [[an Life|Life]] i m[[Baile Átha Cliath]].]]
Is iad na '''Ceithre Cúirteanna''' an príomhshuíomh cúirte i b[[Poblacht na hÉireann]], atá suite i m[[Baile Átha Cliath]]. Is iad na cúirteanna atá le fáil san fhoirgneamh inniu ná [[an Chúirt Uachtarach]], an Ard-Chúirt, agus an Phríomh-Chúirt Choiriúil. B'é an t-ailtire iomráiteach [[James Gandon]] a dhear an áit, agus tógadh sna blianta ó [[1796]] go dtí [[1802]] í. Is iad na cúirteanna as ar hainmníodh an foirgneamh ná an tSeansaireacht, Binse an Rí, Cúirt an Státchiste agus Cúirt na bPléadálacha Comónta (''Common Pleas'' as [[Béarla]]). Ag druidim chun deiridh don naoú haois déag, leasaíodh córas na gcúirteanna agus tháinig cinn nua in áit na gcúirteanna áirithe seo, ach níor hathraíodh ainm stairiúil an fhoirgnimh. Nuair a bhain an chuid is mó d'[[Éire|Éirinn]] amach an [[Rialtas Dúchais|rialtas dúchais]] mar [[Saorstát Éireann|Shaorstát]], tháinig athrú nua ar chóras na gcúirteanna. Cuireadh sean-Ard-Chúirt na hÉireann ar ceal agus tugadh bata agus bóthar do Thiarna Príomh-Bhreitheamh na hÉireann agus do Thiarna Seansailéara na hÉireann. Ina n-áit sin, tháinig an Chúirt Uachtarach nua, agus an Príomh-Bhreitheamh i gceannas uirthi, chomh maith leis an Ard-Chúirt Bhreithiúnais, agus Uachtarán na hArd-Chúirte i gceannas uirthi.
 
==Léirscrios an Fhoirgnimh sa Chogadh==