An difríocht idir athruithe ar: "Glóthach"
Leathanach cruthaithe le 'thumb|Cuach lán le glóthacha éagsúla le dathanna éagsúla. Bia bog milis is ea glóthach. Itear mar mhilseog é. Itea...' |
(No difference)
|
Leagan ó 21:30, 7 Deireadh Fómhair 2009
Bia bog milis is ea glóthach. Itear mar mhilseog é. Itear fuar é. Itear leis féin é nó le bia eile amhail uachtar reoite nó breachtán. Is maith le leanaí agus daoine óga é ach go háirithe, ach déanta na fírinne, is féidir le gach duine é a ithe.
Déantar an púdar a mheascadh le uisce te chun glóthach a dhéanamh. Doirtear an glóthach te i mhúnla glóthaí chun cruth faoi leith a thabhairt dó. Ligtear dó fuarú ar feadh tamall ionas go táthóidh an leacht le chéile. Bíonn glóthach ar fáil i mblasanna agus dathanna éagsúla. Nuair a mbíonn glóthach ag suí ar mhias leis féin, bíonn sé longadánach agus bíonn tréith athscinmeach aige.
Glóthach meisiciúil
Is féidir fiúigil glóthaí a dhéanamh trí alcól a mheascadh isteach i nglóthach fad is atá sé á ullmhú. Go minic measctar vodca, rum nó tequila sa ghlóthach. Doirtear an leacht meisciúil seo i shoithigh bheaga agus itear iad ag cóisir nó i dteach tábhairne.