An difríocht idir athruithe ar: "Toussaint Louverture"

Content deleted Content added
m robot Modifying: uk:Туссен Лувертюр; cosmetic changes
Líne 1:
'''Toussaint Louverture''' (a rugadh mar '''François-Dominique Toussaint''' ar [[20 Bealtaine]] [[1743]] agus a cailleadh ar [[7 Aibreán]] [[1803]]). Eisean a bhí mar cheannaire ar Réabhlóid Saint-Domingue ([[Háítí]]). Aithnítear é mar an gcéad cheannaire gorm a bhuaigh ar fhórsaí impireachta coilíní Eorpaí ina thír féin.
[[ImageÍomhá:Toussaint L'Ouverture.jpg|thumb|200px|Toussaint Louverture]]
== A Óige ==
[[An Afraic|Afracach]] ba ea a sheanathair, Gaou-Guinou, a rugadh i mBéinean na hAfraice; tugadh a athair Hyppolyte chun Saint-Domingue ([[Háití]]) mar dhaor, agus is ann a rugadh Toussaint. Lig a mháistir dó léamh agus scríobh a fhoghlaim, agus saoradh é sa bhliain 1776, in aois a thrí bliana is tríocha. Chuaigh sé le feirmeoireacht agus daoir aige.
Faoin am sin bhí sé pósta le bean shaor darbh ainm Suzanne agus bhí clann air, idir dhlisteanach agus neamhdhlisteanach.
 
== Réabhlóid ==
Chuaigh [[Réabhlóid na Fraince]] i bhfeidhm go mór ar Saint-Domingue: chuir sí na huaisle áitiúla ag cuimhneamh ar neamhspleáchas agus an ísealaicme ag cuimhneamh ar chothroime. Sa bhliain 1791 d'éirigh daoir an tuaiscirt amach agus chuaigh Toussaint i bpáirt leis na [[An Spáinn|Spáinnigh]] in oirthear na oileáin, áit ar fhoghlaim sé ceird na saighdiúireachta. Rug sé an chraobh leis arís agus arís sa chomhrac, trí mhíle fear á leanúint agus é ina ghinearál. Tháinig sé slán ó chomhcheilg agus sa bhliain 1774 thaobhaigh le húdaráis réabhlóideacha a tháinig ón bhFrainc. Idir an dá linn rinne reisimintí Briotanacha agus Spáinneacha ionradh ar an oileán, agus ríogaithe bána ag cabhrú leo. Bhuaigh sé ar na Spáinnigh agus ceapadh é mar leifteanantghinearál in [[Arm na Fraince]].
 
Líne 13:
Chealaigh na Francaigh an daoirse sa bhliain 1793, rud a d’fhógair Toussaint féin cibé áit a ndeachaigh sé. Mar sin féin, rinne sé na plandálacha a chur ar siúl arís agus é ag iarraidh ar na coilínigh a theith a theacht ar ais. Chun an geilleagar a athneartú d’fhógair sé sa bhliain 1801 go mbeadh ar oibrithe gorma dul ag obair arís sna plandálacha, rud a spreag achrainn.
 
== Na Blianta Deiridh ==
Dúirt Toussaint riamh go raibh sé dílis do rialtas na Fraince, ach bhí eagla ar [[Napóilean]] go gcaillfeadh sé coilíneacht shaibhir agus ghéill sé d’áiteamh na dtiarnaí móra talún agus na gceannaithe ar mhian leo an daoirse a chur ar bun arís. Sa bhliain 1802 rinne arm Francach ionradh ar an oileán faoi cheannas an ghinearáil Leclerc; bhí troid ghéar ann ach bhí na Francaigh an-láidir, agus shínigh Toussaint conradh a dúirt nach gcuirfí an daoirse ar bun arís.
 
Líne 20:
Sa bhaile thosaigh an troid arís; d’fhág na Francaigh Saint-Domingue/Háití, agus fógraíodh an neamhspleáchas ar [[1 Eanáir]] [[1804]].
 
== Tagairtí ==
* Bell, Madison Smartt, ''Toussaint Louverture: A Biography''. Pantheon, New York 2007.
* Cesaire, Aimé, ''Toussaint Louverture''. Paris 1981.
Líne 26:
 
{{commons|Category:Toussaint Louverture|Toussaint Louverture}}
== Naisc Sheachtracha ==
* [http://docsouth.unc.edu/neh/beard63/beard63.html Toussaint L'Ouverture: A Biography and Autobiography by J. R. Beard, 1863]
* [http://thelouvertureproject.org/wiki/index.php?title=Memoir_of_Toussaint_Louverture%2C_Written_by_Himself Memoir of Toussaint Louverture]
 
{{DEFAULTSORT:Louverture, T}}
Líne 58:
[[sv:François Toussaint l'Ouverture]]
[[ta:டூசான் லூவர்சூர்]]
[[uk:Туссен ЛьувертюрЛувертюр]]
[[vi:François Dominique Toussaint Louverture]]
[[zh:杜桑·盧維杜爾]]