An difríocht idir athruithe ar: "Tobac"

Content deleted Content added
Líne 16:
 
==Stair Úsáide an Tobac==
 
Bhí an tobac á úsáid san Oileán Úr i bhfad roimh theacht na nEorpach, ach ba nós do na bundúchasaigh Mheiriceánacha srianta éigin a chur leis an úsáid. Mar shampla, d'fhéadfadh an t-asarlaí nó an seaman siabhráin agus mearuithe súl a tharraingt air féin trína lán tobac a úsáid, agus é in ann na siabhráin a chiallú de réir a thuisceana reiligiúnaí féin, ach ní bhlaisfeadh na daoine eile den tobac, ó shílfidís go raibh draíocht ann. Agus ar ndóigh, ba nós le treibheacha áirithe píopa a chaitheamh le séala a chur ar an gconradh síochána. Cibé scéal é, searmanas ar leith ab ea é tobac a chaitheamh, agus ba iad na hEorpaigh ba túisce a rinne nós laethúil de. Tháinig borradh mór ar úsáid an tobac i ndiaidh do James Bonsack an meaisín rollta toitíní a chéadcheapadh sa bhliain 1880. Faoi lár na fichiú haoise, áfach, chuaigh an tuiscint ar feadh an domhain go raibh an tobac thar a bheith dainséarach don tsláinte, agus de réir a chéile, thosaigh na daoine ag éirí as an nós.
 
==An Tobac agus an tSláinte==
 
{{síol}}