An difríocht idir athruithe ar: "Manga"

Content deleted Content added
No edit summary
Layout
Líne 1:
[[Íomhá:Manga in Jp.svg|thumb|180px|An bealach a scríobhtar manga i g[[kanji]] (''Shiki no Yukikai'').]]
 
[[Íomhá:Manga_colored.svg|thumb|Tá súile mhóra ar nós páiste ar an duine seo.]]
 
[[Image:MangaStoreJapan.jpg|thumb|Siopa leabhar ag cur thar maol le greannáin manga sa tSeapáin.]]
Is é is '''manga''' ann ná an focal [[Seapáinis|Seapáinise]] a chiallaíonn "greannáin" - 漫画; i g[[kanji]]; まんが i [[hiragana]]; マンガ i [[katakana]]. Taobh amuigh den [[An tSeapáin|tSeapáin]], tugtar manga ar an gcineál coimicí a tharraingítear sa tSeapáin, chomh maith ar choimicí a dhéanann aithris ar stíl shainiúil an mhanga Sheapánaigh. D'fhorbair an manga i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, agus é ag meascadh stíl na n[[Greanadh adhmaid|greanta adhmaid]] Seapánacha - an cineál greanadh adhmaid a d'éirigh forleathan ón tseachtú haois déag anuas agus ar a dtugtar ''ukiyo-e'' - le tionchar na gcoimicí [[SAM|Meiriceánacha]].
 
Is féidir bunús an mhanga a rianú siar go dtí an ochtú haois déag - b'ansin a tháinig an focal féin in úsáid - ach is iad Rakuten Kitazawa agus Osamu Tezuka a chuir tús leis an manga nua-aoiseach. Rugadh Kitazawa sa bhliain 1876, agus timpeall ar dheireadh na naoú haoise déag, d'fhoghlaim sé ealaíontóireacht an Iarthair chomh maith le stíleanna traidisiúnta na Seapáine; thairis sin, bhí sé faoi thionchar na gcoimicí Meiriceánacha, cosúil le ''The Katzenjammer Kids''. Tharraingíodh sé cartúin nuachtáin a raibh eilimintí áirithe den mhanga mar a thugtar an coincheap inniu le haithint orthu, go háirithe an scéal, an insint. B'é Osamu Tezuka (1928-1989) ba mhó a chruthaigh an manga comhaimseartha. Uaidhsean a tháinig cuid mhór de na saintréithe a shamhlaímid inniu leis na coimicí Seapánacha, go háirithe na súile móra. Le fírinne, fuair sé na súile móra ó na Meiriceánaigh, nó bhí sé ag déanamh aithrise ar chartúin Mheiriceánacha a linne, cosúil le ''Betty Boop'' agus ''Donald Duck''.
 
==Íomhánna==
{{Cómhaoin|Category:Manga}}
{{Catcómhaoin}}
<gallery>
[[Íomhá:Manga_colored.svg|thumb|Tá súile mhóra ar nós páiste ar an duine seo.]]
[[Image:MangaStoreJapan.jpg|thumb|Siopa leabhar ag cur thar maol le greannáin manga sa tSeapáin.]]
</gallery>
 
[[Catagóir:An tSeapáin]]