An difríocht idir athruithe ar: "Beirilliam"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 16:
 
Fuair an beirilliam a ainm ó bheiril, mianra sileacáite a bhfuil beirilliam ann. Is éard atá sa bheiril ná cioglaisileacáit alúmanaim agus beirilliam, Be<sub>3</sub>Al<sub>2</sub>(SiO<sub>3</sub>)<sub>6</sub>. Go bunúsach, níl dath ar bith sa bheiril, ach is minic a chuireann truailliú de chineálacha éagsúla dath éigin sa bheiril, agus bíonn ainmneacha difriúla ar na cineálacha éagsúla beirile de réir a ndathanna: morgainít (beiril phinc), bicsbít (beiril dhearg), cloch mhuirghorm (beiril ghorm), smaragaid (beiril uaine), góisinít (beiril ghlan nach bhfuil dath inti), beiril órga (beiril bhuí) agus heileadór (beiril atá idir eatarthu idir smaragaid agus beiril bhuí).
 
Amach ó na leaganacha éagsúla seo den bheiril, is mianraí tábhachtacha beirilliam iad an bheirtrindít (hiodrocsaíd sóraisileacáite an bheirilliam, Be<sub>4</sub>Si<sub>2</sub>O<sub>7</sub>(OH)<sub>2</sub>), an chrisibeiril (alúmanáit an bheirilliam, BeAl<sub>2</sub>O<sub>4</sub>), agus an fhéanaicít (ortaisileacáit an bheirilliam, Be<sub>2</sub>SiO<sub>4</sub>).
 
Is é <sup>9</sup>Be an t-aon iseatóp cobhsaí amháin. Bíonn iarsmaí an dá iseatóp radaighníomhach úd <sup>7</sup>Be agus <sup>10</sup>Be ar fáil sa dúlra, agus iad ag teacht chun saoil faoi thionchar na radaíochta cosmaí.