An difríocht idir athruithe ar: "Aalen"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'thumb|300px|Sean Áras na Cathrach lonnaithe in aice log an aonaigh. Is cathair í '''Aalen''' lonnaithe sa ''Land'' Baden-Württemberg, i...'
(No difference)

Leagan ó 23:31, 28 Deireadh Fómhair 2009

Is cathair í Aalen lonnaithe sa Land Baden-Württemberg, i ndeisceart na Gearmáine. Tá sé suite ar an Abhainn Kocher, ar an taobh thuaidh de na hAlpanna Schwäbische, 48km ó thuaidh ó Ulm. Bunaíodh an baile mórthimpeall dún mór Rómhánach. Tá a lán den dún fós ann. Tá iarsmaí de limes (fálta imeallchríocha) Rómhánach ann gar don bhaile. D'éirigh leis an gcathair saoirse a bhaint amach sa bhliain 1360 mar chathair shaor san impireacht. Scriosadh an chathair go dona sa bhliain 1634 de bharr bráchthine. Fuair Württemberg seilbh uirthi sa bhliain 1802. Tógadh sean áras na cathrach sa bhliain 1636 agus tógadh cill Sankt Nikolaus sa bhliain 1765. Osclaíodh iarsmalann don ré Rómhánach sa bhliain 1964. I 1975 nascadh cathair in aice Aalen, Wasseralfingen, le Aalen agus méadaíodh an chathair beagnach aon trian níos mó. Tá tionscail sa chathair amhail tionscal miotail, teicstíle agus cheimicigh. Tá breis is 63,000 daoine ina gcónaí ann.

Sean Áras na Cathrach lonnaithe in aice log an aonaigh.