An difríocht idir athruithe ar: "Raidió Rí-Rá"

no edit summary
 
Chomh maith le cláracha amhlaidh ''PopNuacht'' agus ''Top40 Oifigiúil na hÉireann'' a bhí cheana féin ar fáil ar líne ag '''www.rrr.ie''', bhí seónna beo á gcraoladh trí mheán na Gaeilge, mar aon le cláracha speisialta curtha i láthair ag a leithéid [[Clíona Ní Chiosáin]], príomhcharachtar sa sraith teilifíse [[Aifric]] a bhuaigh gradam IFTA. Bhí an scéal is déanaí ó imeachtaí Sheachtain na Gaeilge ar fud na tíre á luaigh ar Rí-Rá gach uair a chlog agus bhí deis ag éisteoirí iarratais cheoil a chur isteach ar shuíomh an stáisiúin, dul i dteagmháil le láithreoirí ag eolas@raidiorira.ie, agus teachtaireachtaí téacs a sheoladh isteach chuig +353 (0)85 1328000 le linn an chraolacháin bheo.
 
Tá Raidió Rí-Rá faoi cheannas Raidió X Teoranta le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge agus maoinithe ag an Roinn Gnóthaí Pobail,
Tuaithe agus Gaeltachta trí Chiste na Gaeilge ó Fháltais an Chrannchuir Náisiúnta. Is é Digital Radio Ltd an cuideachta oibríoch.
 
== Naisc sheachtracha ==
* [http://www.cnag.ie/ Conradh na Gaeilge]
* [http://www.snag.ie/ Seachtain na Gaeilge]
* [http://www.samsung.com/ie/ Samsung]
* [http://www.pobail.ie/ An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta]
 
{{síol}}
Úsáideoir gan ainm