An difríocht idir athruithe ar: "Benjamin Britten"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 1:
Cumadóir Sasanach ab ea é '''Edward Benjamin Britten''', an Barún Britten, OM CH (22 Samhain 1913 – 4 Nollaig 1976). Bhí áit fheiceálach aige i saol [[ceol|cheoil]] an fichiú haois. Bhí clú air chomh maith mar stiúrthóir ceolfhoirne, dhordveidhleadóir agus phianadóir. Chaith sé formhór a shaoil lena chomrádaí Peter Pears, teanór Sasanach. Shíothlaigh sé in Aldeburgh [[Sasana|Shasana]] ar an 2 Iúil 1976.
 
==LuathshaolTús a Shaoil==
 
Rugadh Benjamin Britten i Lowestoft, Suffolk. Fiaclóir ba ea a athair agus ceoltóir tréitheach amaitéarach ba ea a mháthair. Ba pháiste seanórtha é Britten: thosaigh sé ag cumadh ceoil go díograiseach agus é fós ina bhuachaill. In Old Buckenham Hall School, scoil ullmhúcháin do bhuachaillí i Suffolk, agus Gresham’s School, i Holt, a fuair sé a chuid meán agus ardscolaíochta. Sa bhliain 1927 thosaigh sé ar cheachtanna príobháideacha faoi Frank Bridge; rinne sé staidéar chomh maith ag [[Coláiste Ríoga an Cheoil]] faoi John Ireland ach gan an oiread sin rátha ar an iarracht. Coinníodh siar é tar éis tamaill ag a thuismitheoirí (mar a mhol foireann an Choláiste dóibh). Bhí sé de rún aige freisin staidéar a dhéanamh le hAlban Berg sa [[Vín]] ach cuireadh bac air sin chomh maith. Mar sin féin, cumadóir óg torthúil ba ea é—800 éigin píosa, idir saothair iomlána agus míreanna, sula raibh a chéad phíosa foilsithe aige. Ba iad na chéad phíosaí a tharraing aird ar Bhritten ná an ''Sinfonietta'' Op. 1, ‘A Hymn to the Virgin’, (1930) agus foireann bhreachnuithe córúla, ''Boy Was Born'' (1934, scríofa do Amhránaithe an [[BBC]]).