An difríocht idir athruithe ar: "Cromail in Éirinn 1649-1650"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 14:
Tar éis ghabháil Dhroichead Átha chuir Cromail saighdiúirí ó thuaidh chun greim a fháil ar an tuaisceart agus chuaigh i mbun bailte móra eile a imshuí. Ghéill [[Cill Chainnigh]] ar choinníollacha, mar a rinne a lán bailte móra eile, leithéidí Ros Mhic Thriúin agus [[Ceatharlach|Cheatharlach]], ach theip air [[Port Láirge]] a ghabháil, agus nuair a d’imshuigh sé [[Cluain Meala]] i Mí Bealtaine, 1650, chaill sé suas le 2,000 fear sa troid sular ghéill an baile mór.<ref name="autogenerated4">Kenyon & Ohlmeyer, lch.100.</ref>
 
D’éirigh leis áiteamh ar na saighdiúirí Protastúnacha Ríogaí i g[[Corcaigh]] teacht leis, rud ar mhór an bua ann féin é agus a chuirthugann treiseléargas (más gá) ar a thábhachtaí a bhí cúrsaí creidimh sa chogadh seo.<ref> Fraser, lgh 321-322; Lenihan, lch 113.</ref> Ach tháinig scéala chuige go raibh Séarlas II tar éis Albain a bhaint amach, agus d’fhill sé ar Shasana ó Eochaill ar 16 Bealtaine 1650. <ref>Fraser, lch 355.</ref>
Lean an troid go ceann beagnach trí bliana tar éis dó imeacht. Ghéill [[Gaillimh]], an baile mór deireanach a bhí ag na Caitlicigh, i Mí Aibreán 1652, agus ghéill na saighdiúirí deireanacha Caitliceacha i Mí Aibreán 1653. Coisceadh cleachtadh an Chaitliceachais agus maraíodh aon sagart a gabhadh. Meastar gur cuireadh timpeall 12,000 duine chun [[na nIndiacha Thiar]] mar sclábhaithe. Tugadh iarracht ar thalamh garbh i g[[Cúige Connacht]] a roinnt ar ar fágadh de na húinéirí Caitliceacha talún, agus is dócha gur laghdaigh a gcuid den talamh i gcoitinne ó 60% go 8%.
Theip ar Chromail agus ar a nginearáil deireadh a chur leis an treallchogaíocht, áfach. Lean na Tóraithe orthu ag crá na Sasanach, agus dá dhéine iad na hiarrachtaí a tugadh ar na trodaithe úd a chloí is ea is mó a gríosaíodh chun comhraic iad.<ref>Beresford Ellis, lch</ref> Ní furasta, áfach, idirdhealú a dhéanamh idir treallchogaithe agus ropairí ina leithéid de chás.
 
==An rian a d'fhág Cromail ar Éirinn==
[[Image:cromwellcoin.jpg|thumb|Leathchoróin a cumadh le linn Chromail, 1658. Deir an inscríbhinn Laidine: OLIVAR.D.G.RP.ANG. - SCO.ET.HIB&cPRO (OLIVARIUS DEI GRATIA REIPUBLICAE ANGLIAE SCOTIAE ET HIBERNIAE ET CETERORUM PROTECTOR) - "Oilibhéar, Cosantóir Chomhlathas Shasana, na hAlban agus na hÉireann trí Dheonú Dé".]]