Deirtear gur bhunaigh Naomh Daithí eaglais anseo thart fá 550 IC. Éarlamh na Breataine Bige is ea Naomh DaithíDáithí (nó Dewi Sant sa Bhreatnais), ar ndóigh. Tá iarsmaí scríne s’aige san ardeaglais. Tógadh an scrín i 1275, ach scriosadh í san Athrú Creidimh. Dúirt fear a bhí ag obair san ardeaglais liom nach bhfuil cnámha Naomh Daithí ar an suíomh.