An difríocht idir athruithe ar: "Naomh Dáibhí"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Éarlamh na Breataine Bige is ea Naomh Dáithí (nó Dewi Sant sa Bhreatnais). Níl mórán eolais againn faoi. Is cinnte go raibh cónaí air sa Bhreatain Bheag agus go raibh sé ina Bhreatnach ar a laghad don cheathrú cuid. Dar leis an traidisiún rugadh é i Henfynyw in aice le hAberaeron, ach tá tagairtí do thraidisiún eile ina ndeirtear gur rugadh é in aice le hArdeaglais Naomh Dáithí an lae inniu. Is naomh í a mháthair freisin agus b'é Sandde, a bhí ina Rí ar Shír Cardigan, a athair. Tá iarsmaí scríne ina onóir in Ardeaglais Naomh Dáithí in Abergwaun in iardheisceart na tíre. Deirtear gur bhunaigh sé an tArdeaglais sin. Tógadh an scrín i 1275, ach scriosadh í san Athrú Creidimh. Ní dhealraíonn sé go bhfuil cnámha Naomh Dáithí ar an suíomh. Ba í Naomh Non máthair Naomh Dáithí. Tá iarsmaí ann de shéipéal beag atá tiomnaithe di. Tá tobar le feiceáil cóngarach go maith don séipéal. Deirtear go raibh spéirling nó babhta drochaimsire ann nuair a tháinig Naomh Dáithí ar an saol, agus gur oscail an tobar seo idir cosa Naomh Non. Creidtear go bhfuil leigheas le fáil ó uisce an tobair sin.
 
Naisc