An difríocht idir athruithe ar: "Oilibhéar Cromail"

m
róbat ag mionathrú: es:Oliverio Cromwell; cosmetic changes
(+ íomha níos fearr as cómhaoin (clearer))
m (róbat ag mionathrú: es:Oliverio Cromwell; cosmetic changes)
[[FileÍomhá:Oliver_Cromwell_by_Samuel_Cooper.jpg|thumb|right|200px|Oilibhéar Cromail]]
Polaiteoir agus saighdiúir [[Sasana|Sasanach]]ch ab ea '''Oilibhéar Cromail''', nó ''Cromail'' mar a thugtar air de ghnáth (as [[Béarla]], ''Oliver Cromwell''; [[25 Aibreán]] [[1599]] - [[3 Meán Fómhair]] [[1658]]). Rugadh é i Huntingdon i 1599 agus ba le linn dó a bheith ina mhac léinn i Sidney Sussex College a d'iompaigh sé ina Phiúratánach. Toghadh mar bhall Parlaiminte é i mí Aibreáin 1640, agus bhí sí seo ar na Parlaimintí siúd a rinne a ndícheall cumhacht an Rí a shrianadh. Baineadh a chumhacht den rí [[Séarlas I Shasana|Séarlas I]] agus ghlac an Pharlaimint seilbh ar chúrsaí airgid na ríochta. Bhris cogadh cathartha amach agus ba lena linn a thuill Cromail cáil mar cheannaire míleata. D'éirigh go hiontach leis i gCath Marston Moor lena mharcshlua, ar ar tugadh 'Roundheads' <ref>http://dictionary.reference.com/search?r=2&q=Roundheads</ref> nó 'Ironsides' <ref>http://dictionary.reference.com/browse/ironsides</ref> mar leasainm ar Chromail féin nó ar a shaighdiúirí. Bhí arm an rí cloíte faoi dheireadh ag Cath Naseby i 1645, agus bhí an-tionchar ag Cromail ar na hidirbheartaíochtaí a lean é. Ní raibh muinín ag cuid mhór daoine as áfach agus bhris cogadh amach arís. Ruaig Cromail 110 ball ón bParlaimint agus bhunaigh sé deachtóireacht mhíleata. Rinne sé ionradh ar Albain agus chuir na nuachtáin faoina smacht. Rialaigh sé [[Sasana]], [[Albain]] agus [[Éire]] mar [[an Tiarna Cosantóra|Thiarna Cosantóra]] ó [[16 Mí na Nollag]] go lá a bháis. Creidtear gur cailleadh le [[maláire]] nó [[nimhiú]] é.
 
Bhí tionchar mór ag [[Cogadh Cathartha Shasana]] ar Éirinn i rith na [[1640í]]. Ghlac na plandóirí taobh na Parlaiminte ach bhí na Gaeil agus na Gall-Ghaeil ag tacú leis an rí. Buaileadh taobh an rí ar deireadh, agus cuireadh an [[Séarlas I Shasana|Rí Séarlas I Shasana]], chun báis ar [[30 Eanáir]] [[1649]]. Tháinig Cromail go hÉirinn ar [[15 Lúnasa]] [[1649]] mar rialóir míleata agus sibhialta na Parlaiminte le smacht a chur ar an tír. Cuimhnítear air go háirithe mar gheall ar an slad a rinne sé i n[[Droichead Átha]] ar [[11 Meán Fómhair]] [[1649]] agus i mbaile [[Loch Garman]] ar [[11 Deireadh Fómhair]] [[1649]]. Tar éis do [[Cill Chainnigh|Chill Chainnigh]] géilleadh dó ar [[27 Márta]] [[1650]], d'fhág Cromail an tír ar [[25 Bealtaine]] [[1650]]. Ina dhiaidh sin, lean sé ar aghaidh mar dheachtóir míleata na [[an Bhreatain|Breataine]] go bhfuair sé bás, agus cé gur ainmníodh a mhac Risteard Cromail, mar oidhre i gceannas an Chomhfhlaithis, ní raibh cion ar bith ag muintir na Breataine air agus cuireadh [[Séarlas II Shasana|Séarlas II]] ar ais i gcoróin nuair a d'fhill sé ón bhFrainc sa bhliain 1660. Ar 30 Eanáir [[1661]], tógadh corp Chromail as a uaigh agus 'cuireadh chun báis' arís é ar ordú an rí nua, mar dhíoltas ar bhás an Rí Séarlas I.
 
== An Feachtas in Éirinn ==
{{Príomhalt|Cromail in Éirinn 1649-1650}}
Ar [[20 Meitheamh]] 1649, cheap an Pharlaimint Oilibhéar Cromail mar cheannaire an airm a chuirfeadh an t-éirí amach in Éirinn faoi chois. Bhí mórán Ríogaithe cruinnithe in Éirinn faoin am seo agus sa bhliain 1649 rinne siad comhaontas le Comhcheangal Chaitlicigh na hÉireann, rud ar mhór an chontúirt é don Pharlaimint. Bhí an Comhcheangal ag iarraidh stát a bhunú, agus bhí [[Cill Chainnigh]] mar phríomhchathair acu.
Lean an troid go ceann beagnach trí bliana tar éis do Chromail imeacht ar 16 Bealtaine 1650. Ghéill [[Gaillimh]] i Mí Aibreán 1652, agus ghéill na saighdiúirí deireanacha Caitliceacha i Mí Aibreán 1653. Coisceadh cleachtadh an Chaitliceachais agus má rugadh ar shagart cuireadh chun báis ar an bpointe é; meastar gur cuireadh timpeall 12,000 duine chun na nIndiacha Thiar mar sclábhaithe. Tugadh iarracht ar Caitlicigh nár d’aicme na gceárdaithe agus na sclábhaithe iad a chur siar chun [[Connacht]] nó chun Contae an Chláir, agus ar éigean a fágadh breis is 8% de thalamh na tire i seilbh na gCaitliceach. Baineadh feidhm as an ngorta chun na hÉireannaigh a chloí; scriosadh barra agus maraíodh eallach. Henry Ireton agus Edmund Ludlow a smachtaigh an tír tar éis Chromail, ach bhí na Sasanaigh á gcrá gan stad ag treallchogaithe (na “Tóraithe”), dream a fuair dídean ar na portaigh agus in iarsmaí na gcoillte tar éis gur briseadh airm an Chomhcheangail. <ref>Beresford Ellis, lgh 34-35, 61</ref>
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
 
[[en:Oliver Cromwell]]
[[eo:Oliver Cromwell]]
[[es:OliverOliverio Cromwell]]
[[et:Oliver Cromwell]]
[[eu:Oliver Cromwell]]
37,425

edits