An difríocht idir athruithe ar: "Art Ó Gríofa"

Content deleted Content added
Rv. That image is non-free and shouldn't be on commons.
Líne 31:
 
== Sinn Féin ==
[[Íomhá:Arthur Griffith by Lilly Williams.jpg|clé|200px|thumb|Art Ó Gríofa, le Lilly Williams.]]
D'fhógair Ó Gríofa go raibh [[Acht an Aontais]] idir Éire agus an Bhreatain mídhleathach, agus mar sin gur démhonarcacht a bhí ar bun go dleathach go fóill, is é sin go raibh dhá ríocht a bhí ar chomhchéim le chéile ann, Éire agus an Bhreatain, seachas [[an Ríocht Aontaithe]] a fógraíodh in [[1801]]. D'fhoilsigh sé leabar darbh ainm ''[[The Resurrection of Hungary]]'' faoin dóigh a raibh démhonaracht ar bun idir [[an Ostair]] agus [[an Ungáir]]. Cé nár mhonarcach é féín, chreid Ó Gríofa go mbeadh na Sasanaigh sásta le socrú den chineál sin a thabharthach comhstádas d'Éirinn seachas í a bheith scartha amach ar fad uaithi. Níor thug mórán daoine in Éirinn tacaíocht don smaoineamh áfach, mar gur theastaigh poblacht neamhspleách uathu. Bhí ceannairí náisiúnacha eile sásta glacadh lena chomhairle maidir le staonadh ó dhul go [[Londain]] dá dtoghfaí chun na Parlaiminte iad, agus parlaimint a fhógairt i mBaile Átha Cliath. Chuaigh baill de Bhráithreachas na Poblachta isteach i Sinn Féin chun a dtuairimí féin a bhrú chun cinn.