An difríocht idir athruithe ar: "Stephen Hunt"

Content deleted Content added
{{síol}} (alpha)
Íomhá
Líne 1:
[[Íomhá:Stephen Hunt.png|deas|200px|thumb|Stephen Hunt]]
Is imreoir sacair [[Poblacht na hÉireann|Éireannach]] é '''Stephen Hunt''' a rugadh ar an [[1 Lúnasa]] [[1981]] i b[[Port Laoise]], [[Contae Laoise]]. Imreoir gasta agus bríomhar atá ann, a imríonn i lár na páirce, ar an gcliathán clé de ghnáth. D'imir sé le [[Reading F.C.]] ar feadh ceithre bliana, ach ar an 11 Lúnasa 2009 shínigh sé conradh le [[Hull City]], chun filleadh ar ais ar [[Príomhroinn Shasana|Phríomhroinn Shasana]]. Bhí Hunt ina ábhar conspóide sa bhliain 2006 i gcluiche in aghaidh Chelsea, nuair a bhuail sé an cúl báire [[Petr Čech]] lena chos. Timpiste a bhí ann, dar leis, ach bhí an-chaint sna meáin spóirt faoi agus cuireadh ina leith go ndearna sé d-aon ghnó é. Pé scéal é, gortaíodh Čech go dona agus chaith sé na míonna ar na taobhlínte.