An difríocht idir athruithe ar: "Oilibhéar Cromail"
Content deleted Content added
m róbat ag mionathrú: es:Oliverio Cromwell; cosmetic changes |
No edit summary |
||
Líne 1:
[[Íomhá:Oliver_Cromwell_by_Samuel_Cooper.jpg|thumb|right|200px|Oilibhéar Cromail]]
Polaiteoir agus saighdiúir [[Sasana]]ch ab ea '''Oilibhéar Cromail''', nó ''Cromail'' mar a thugtar air de ghnáth (as [[Béarla]], ''Oliver Cromwell''; [[25 Aibreán]] [[1599]] - [[3 Meán Fómhair]] [[1658]]). Rugadh é i Huntingdon i 1599 agus ba le linn dó a bheith ina mhac léinn i Sidney Sussex College a d'iompaigh sé ina Phiúratánach. Toghadh mar bhall Parlaiminte é i mí Aibreáin 1640, agus bhí sí seo ar na Parlaimintí
Bhí tionchar mór ag [[Cogadh Cathartha Shasana]] ar Éirinn i rith na [[1640í]]. Ghlac na plandóirí taobh na Parlaiminte ach bhí na Gaeil agus na Gall-Ghaeil ag tacú leis an rí. Buaileadh taobh an rí ar deireadh, agus cuireadh an [[Séarlas I Shasana|Rí Séarlas I Shasana]], chun báis ar [[30 Eanáir]] [[1649]]. Tháinig Cromail go hÉirinn ar [[15 Lúnasa]] [[1649]] mar rialóir míleata agus sibhialta na Parlaiminte le smacht a chur ar an tír. Cuimhnítear air go háirithe mar gheall ar an slad a rinne sé i n[[Droichead Átha]] ar [[11 Meán Fómhair]] [[1649]] agus i mbaile [[Loch Garman]] ar [[11 Deireadh Fómhair]] [[1649]]. Tar éis do [[Cill Chainnigh|Chill Chainnigh]] géilleadh dó ar [[27 Márta]] [[1650]], d'fhág Cromail an tír ar [[25 Bealtaine]] [[1650]]. Ina dhiaidh sin, lean sé ar aghaidh mar dheachtóir míleata na [[an Bhreatain|Breataine]] go bhfuair sé bás, agus cé gur ainmníodh a mhac Risteard Cromail, mar oidhre i gceannas an Chomhfhlaithis, ní raibh cion ar bith ag muintir na Breataine air agus cuireadh [[Séarlas II Shasana|Séarlas II]] ar ais i gcoróin nuair a d'fhill sé ón bhFrainc sa bhliain 1660. Ar 30 Eanáir [[1661]], tógadh corp Chromail as a uaigh agus 'cuireadh chun báis' arís é ar ordú an rí nua, mar dhíoltas ar bhás an Rí Séarlas I.
|