An difríocht idir athruithe ar: "An Bhreatnais"

Content deleted Content added
m robot Adding: cv:Валли чĕлхи
No edit summary
Líne 13:
 
Ceann de theangacha oifigiúla [[an Bhreatain Bheag|na Breataine Bige]] is ea í an '''Bhreatnais'''. Is í an ceann is láidre de na teangacha i gcraobh Bhreathnach na d[[teangacha Ceilteacha]], ar a dtugtar freisin an chraobh P-Cheilteach.
Tá cumas éigin Breatnaise ag tuairim is 25% de phobal na Breataine Bige, agus baineann 8-10% úsáid aisti go tráthrialta. Tá roinnt cearta dlíthiúla ag lucht a labhartha, mar shampla an ceart cumarsáid a dhéanamh leis an rialtas i mBreatnais agus chun an teanga a úsáid sa chúirt agus sa Tionól Náisiúnta. Tá líon na gcainteoirí ag fás, go háirithe i measc na glúine óige, agus dealraíonn sé go bhfuil todhchaí na Breatnaise réasúnta sábháilte i gcomparáid leis na teangacha Ceilteacha eile.
 
Is teanga scríofa í le fada an lá ó 600 O.C. cé nach bhfuil lámhscríbhinní slán ón tréimhse sin. Tá traidisiún liteartha na Breatnaise gan bhriseadh go dtí an lá atá inniu ann. Sampla den litríocht ná an Mabinogi, filíocht Bhreatnaise ón Meán-Aois agus is cuid é de stór litríochta na hEorpa. Bíonn an Bhreatnais á craoladh ar chainéal teilifíse S4C agus ar an raidió sa Bhreatain Bheag. Tá oideachas ar fáil tríd an mBreatnais i mbeagnach gach réimse. Is ábhar éigeantach í an Bhreatnais do gach dalta sa Bhreatain Bheag idir 5 agus 16 bliana d'aois i scoileanna poiblí.