An difríocht idir athruithe ar: "An Phatagóin"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Ceantar tíreolaíoch i Meiriceá Theas is ea an Phatagóin a shíneann ón tSíle ar fud na nAindéis agus tríd an Airgintín freisin. Ar thaobh na Síle de na hAindéis Phatagónacha, leathnaíonn sí ó dheas de dhomhanleithead 42 °, agus áirítear léi an chuid theas de roinn pholaitiúil Los Lagos agus ceantracha Aysén agus Magallanes (seachas an chuid sin den Antartach atá á éileamh ag an tSile). Ar thaobh na hAirgintíne de na hAindéis Phatagónacha, leathnaíonn sí ó dheas de na haibhneacha Neuquén agus Río Colorado, lena n-áirítear na stáit Neuquén, Río Negro, Subut, Santa Cruz, an Tír Fhuar agus an chuid theas de Chúige Buenos Aires.