An difríocht idir athruithe ar: "Athruithe aeráide thar na linnte"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: he:שינוי אקלים
m róbat ag suimiú: hr:Klimatske promjene; cosmetic changes
Líne 2:
 
[[Íomhá:Temperature1900-2004.jpg|thumb|300px|Teocht - 1900 go 2004]]
== Tuarascáil Measúnúcháin den Phainéal Idir-Rialtasach um Athrú Aeráide ==
Le 6 bliana anuas, bhí breis agus 2,000 eolaí ó breis agus 130 tír timpeall an domhain ag scríobh na meastóireachta is déanaí agus is cinnte fós maidir le hathrú aeráide. Is í seo an Cheathrú Tuarascáil Measúnúcháin den Phainéal Idir-Rialtasach um Athrú Aeráide [IPCC] ó bhunaigh na [[Náisiúin Aontaithe]] agus an [[Eagraíocht Mheiteareolaíoch Dhomhanda]] é i [[1988]].
Líne 8:
Tá sé soiléir ón tuarascáil seo a foilsíodh i b[[Páras]] ar an 4ú Feabhra 2007 nach bhfuil aon amhras anois ann ach go bhfuil athrú aeráide ag tarlú agus gurb é ardú an mhéid CO2 agus gáis eile san [[atmaisféar]] le 250 blian anuas is ciontaí.
 
Tá leibhéil an CO2 san asmaisféar chomh maith leis na harduithe sna meánteochtaí domhanda níos airde anois ná am ar bith le 650,000 blian. Ó 1850, tharla 11 de na 12 lá ba theo ó 1995. Tá an IPCC ag tuar go n-ardofar teochtaí domhanda 3º °C eile faoi 2100. Creideann go leor eolaithe nach bhfuil againn ach 10 mbliana le polasaithe a chuir i bhfeidhm le hathrú aeráide tubaisteach a sheachaint.
 
Bheadh torthaí ollmhóra i gceist le hardú teochta 4º °C i dtíortha atá ag forbairt: [[gorta]], fairsingiú [[fásach|fásaigh]], imeacht na gcéadta [[speiceas]], méadú ar [[galar|ghalair]] cosúil le [[maláire]] agus [[tuile|tuilte]] ar thalamh íseal, ag cruthú na céadtha milliún [[teifeach]] timpeallachta.
 
In [[Éire|Éirinn]], sa ghearrthéarma ciallaíonn sé seo go mbeidh níos mó drochaimsire ann; go mbeidh sé níos fliche i rith an [[geimhreadh|gheimhridh]] agus níos teo i rith an [[samhradh|tsamhraidh]]. Ciallaíonn sé seo go mbeidh ganntanas uisce in oirthear na tíre agus tuilte san iarthar.
Líne 16:
Má tá muid ag iarraidh arduithe leibhéal farraige tubaisteacha a sheachaint, caithfear leá na n-[[oighearshruthanna|oighearshruth]] móra sa [[An Ghraonlainn|Ghraonlainn]] agus san [[Antartaice]] a laghdú. Má leánn ceann amháin nó an dá oighearshruth seo, ardóidh leibhéil na farraige agus beidh an chuid is mó de mhórchathracha an domhain chomh maith le tíortha ar thalamh íseal, go leor acu le daonraí arda cosúil leis [[An Bhangladéis]], faoi uisce.
 
== Tuarascáil an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (na hÉireann) 2007 ==
 
D'fhoilsigh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) tuarascáil maidir le hathrú aeraide in Éirinn i mí Márta 2007.
 
Tuarann an tuarascáil na hathruithe diúltacha seo a leanas má ardaíonn an teocht domhanda suas le 2° [[Celsius]]:
Líne 31:
Tá sé geallta go mbeidh ceantair chathrach i m[[Baile Átha Cliath]], i g[[Corcaigh]] agus i n[[Gaillimh]] faoi uisce faoi lár an chéid seo. Dar leis an tuarascáil, tá baisteach níos troime geallta ó thus an fhómhair go deireadh an gheimhridh in iarthair na tíre. Leis sin, tá sé tuartha ag an EPA go mbeidh impleachtaí tromchúiseacha eile in ndán do iarthair na hÉireann má ardíonn teochta suas go 2° [[Celsius]]: deireadh le hiascaireacht agus feirmeoireacht bhradáin (de bharr ardú theocht na farraige), sciorrthaí portaigh/talún níos coitianta (mar go dtiocfaidh scoilteanna doimhne sna portaigh/sa talamh i rith an tsamhraidh agus líonfaidh na scoilteanna le baisteach i rith an gheimhridh), d'fhéadfadh tionscal na feamainne a bheidh i mbaol (de bharr ardú theocht na farraige). Tá stoirmeacha níos laidre tuartha chomh maith.
 
== Naisc Sheachtracha ==
* [http://www.epa.ie Suíomh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (na hÉireann)]
* [http://www.enfo.ie Suíomh ENFO]
* [http://www.ipcc.ch Suíomh an Phainéal Idir-Rialtasach um Athrú Aeráide]
* [http://www.climatecrisis.net Suíomh an scannáin An Inconvenient Truth]
 
[[Catagóir:Meitéareolaíocht]]
Líne 61:
[[gl:Cambio climático]]
[[he:שינוי אקלים]]
[[hr:Klimatske promjene]]
[[hu:Klímaváltozás]]
[[it:Mutamento climatico]]