An difríocht idir athruithe ar: "Teangacha Tuircice"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: hu:Török nyelvek, stq:Turksproaken
No edit summary
Líne 1:
Grúpa tábhachtach de [[Teanga (cumarsáid)|theangachateangacha]] is ea iad na '''teangacha Turcacha''' nó na '''teangacha Tuircice''' a labhraítear sa Mhion-Áise agus i Lár na h[[Áise]]. Tá teangacha Tuircice ó dhúchas ag 180 milliún duine.
 
Bhí an tuairim ag a lán teangeolaithe sna laethanta a bhí go raibh a leithéid d'fhine teangacha ann agus na teangacha Altaecha, agus d'áirigh siad na teangacha Tuircice agus éagsúlacht teangacha eile san Áise san fhine seo: na teangacha Mongólacha, an Chóiréis, an tSeapáinis, na teangacha Tungúsacha, ach go háirithe. Ní raibh siad ar aon fhocal faoi na teangacha go léir a d'aicmeofaí sa ghrúpa: d'fhágfadh duine acu an Chóiréis ar lár, d'fhágfadh an duine eile an tSeapáinis ar lár, agus mar sin de.
 
Inniu, ní bhíonn na teangeolaithe cinnte a thuilleadh, an féidir gaol a aithint idir na teangacha Tuircice agus na teangacha Mongólacha féin, cé go raibh an dá ghrúpa seo curtha san áireamh sa chuid is mó de na teoiricí Altaecha. Maidir leis na teangacha Tuircice féin, tá siad chomh gaolmhar le chéile is gur féidir leis an neamh-theangeolaí féin na cosúlachtaí a aithint.
 
Is iad na príomhthréithre is dual do na teangacha seo go léir ná comhcheol na ngutaí agus an táthú. Is éard atá i gceist le comhcheol na ngutaí ná go mbíonn gutaí den chineál chéanna (gutaí cúil nó gutaí tosaigh) le cloisteáil ar fud an fhocail go léir, agus caithfidh gutaí na n-iarmhíreanna a bheith ar aon chineál le gutaí an tamhain. Is é is brí leis an táthú, arís, go gcuirtear iarmhír i ndiaidh a chéile leis na focail sna teangacha seo, agus ciall nó tasc ar leith ag dul le gach iarmhír. Mar shampla, sa [[Tuircis]] féin, deirtear