An difríocht idir athruithe ar: "Benjamin Britten"
Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: bg:Бенджамин Бритън |
mNo edit summary |
||
Líne 1:
Cumadóir Sasanach ab ea
==Tús a Shaoil==
Rugadh Benjamin Britten i Lowestoft, Suffolk. Fiaclóir ba ea a athair agus ceoltóir tréitheach amaitéarach ba ea a mháthair. Ba pháiste seanórtha é Britten: thosaigh sé ag cumadh ceoil go díograiseach agus é fós ina bhuachaill. In Old Buckenham Hall School, scoil ullmhúcháin do bhuachaillí i Suffolk, agus Gresham’s School, i Holt, a fuair sé a chuid meán agus ardscolaíochta. Sa bhliain 1927 thosaigh sé ar cheachtanna príobháideacha faoi Frank Bridge; rinne sé staidéar chomh maith ag [[Coláiste Ríoga an Cheoil]] faoi John Ireland ach gan an oiread sin rátha ar an iarracht. Bhí sé de rún aige staidéar a dhéanamh le hAlban Berg i [[Vín]] ach níor thug a thuismitheoirí cead dó é sin a dhéanamh (mar a mhol foireann an Choláiste dóibh). Mar sin féin, cumadóir óg torthúil ba ea é—800 éigin píosa, idir saothair iomlána agus míreanna, sula raibh a chéad phíosa foilsithe aige. Ba iad na chéad phíosaí a tharraing aird ar Bhritten ná an ''Sinfonietta'' Op. 1, ‘A Hymn to the Virgin’, (1930) agus foireann
{{síol}}
|