An difríocht idir athruithe ar: "Baile an Chaistil"

no edit summary
No edit summary
No edit summary
De réir daonáirimh [[2001]], tá 5,089 daoine i mBaile an Chaistil, agus is príomhbhaile riaracháin Cheantar na Maoile é. Tá an baile suite ag bun na habhann Margaidh ar an taobh thuaidh de [[Ghleannta (nó Glinntí) Aontroma]], ar chósta thuaidh [[Chontae Aontroma|Chontae Aontroim]]. Sníonn Sruth na Maoile idir an baile agus Cinn Tíre na hAlban. Caitheann daonra an bhaile vótaí ar son páirtithe náisiúnacha sa chuid is mó, agus is é an Caiticeachas an creideamh is mó sa cheantar. Tá na Gleannta Caitliceach chomh maith, ach baineann an chuid is mó den daonra atá ina gcónaí faoin tuath taobh thiar den bhaile leis an bProtastúnachas.
 
Tá calafort beag i mBaile an Chaistil, áit a sheolann an bád fartha go [[Reachraí]] (oileán atá deich gciliméadar ón chósta agus díreach ó thuaidh de Bhaile an Chaistil féin), agus go [[Ceann Loch Chille Chiarain]] in [[Albain]] (i rith an tSamhraidh).
998

edits