An difríocht idir athruithe ar: "Cúirt Uachtarach na hÉireann"
Content deleted Content added
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 29:
De ghnáth, is féidir le breithiúna na Cúirte Uachtaraí a mbreithiúnais féin a sheachadadh bíodh go n-aontaíonn nó go n-easaontaíonn sé/sí. Agus bunreachtúlacht Acht nó Bhille a ritheadh tar éis theacht i bhfeidhm an Bhuneachta á plé ag an gCúirt, áfach, déanann an Chúirt breithiúnas amháin a sheachadadh (Airteagail 34.4.5° and 26.2.2°). Féadann na breithiúna breithiúnas easaontach nó breithiúnas aontaitheach a sheachadadh agus bunreachtúlacht Acht a ritheadh roimh theacht i bhfeidhm an Bhunreachta á plé aici (Airteagal 50).<ref name="breithiúnais easaontacha">Mar shample, tugadh tuairimí easaontacha sa chás ''Norris v. an tArd-Aighne'', maidir le bunreachtúlacht alt 61 agus alt 62 an ''Achta um Chiontaí in aghaidh na Pearsan, 1861'', ach rinne an Chúirt breithiúnas amháin a sheachadadh sa chás ''Buckley v. an tArd-Aighne'', maidir le bunreachtúlacht ''Acht Cistí Sinn Féin, 1947''. Féach ar ''An Stát (Sheerin) v. Kennedy''.</ref>
==Dlí-eolaíocht==
Ag tús stair an Stáit agus tar éis Bunreacht na
hÉireann a fhógairt, bhí an Chúirt Uachtarach an-mall i
leith dlí-eolaíocht a fhorbairt. Ach sa lá atá inniu
ann, tá an Chúirt tar éis dlí-eolaíocht suntasach a
fhorbairt. An fáth go raibh an Chúirt mall ag tús a
hoibre ná gur páirt den Ríocht Aontaithe ab ea oileán
na hÉireann roimh 1922 agus, mar sin, fuair breithiúna
na Cúirte Uachtaraí a n-oiliúint i ndlí-eolaíocht na
Breataine a chuireann béim mhór ar ardcheannas
parlaiminte agus urraim a thabhairt don reachtas. Ó na
1960idí ar aghaidh, áfach, rinneadh roinnt breithiúnas
suntasach a sheachadadh ag an gCúirt. Mar shampla:
* D'fhorbair sí teoiric na gceart neamhshonraithe (tá
an teoiric sin coisiúil le teoiric na gceart
neamhshonraithe sna Stáit Aontaithe). Tá an teoiric sin
bunaithe ar léirmhíniú leathan ar Airteagal 40.3.1°,
chomh maith le heilimintí dlí nádúrtha agus teoiric
liobrálach daonlathach.
* D'fhorbair agus chosain an Chúirt scaradh na
gcumhachtaí.
* Rialaigh an Chúirt nach féidir leis an Stát
mórathruithe ar chonarthaí arna mbunú an tAontas
Eorpach a dhaingniú gan leasú a dhéanamh ar an
mBunreacht.
* Rialaigh sí nár forchuireadh oibleagáidí ar an Stát
faoi Airteagal 2 agus Airteagal 3 (mar a bhí siad roimh
1999) a bíodh infhorghníomhaithe i gcúirt dlí.
* D'aimsigh sí go raibh ceart leathan chun príobháideachta i leith cúrsaí pósta intuigthe in Airteagal 41.
* D'aimsigh sí, in Article 40.3.3°, go bhfuil ceart ann chun ginmhilleadh a fháil i gcás ina bhfuil saol na máthar i mbaol de thoradh féinmharaithe.
* Ghlac sí le teoiric na comhréireachta agus chuir sí í i bhfeidhm i ndlí na hÉireann.
==Tagairtí==
|