An difríocht idir athruithe ar: "Benjamin Britten"
Content deleted Content added
No edit summary |
mNo edit summary |
||
Líne 7:
==A Luathshaol Proifisiúnta==
In Aibreán 1935, tháinig an stiúrthóir scannán Alberto Cavalcanti chun cainte le Britten faoi scór a scríobh don scannán faisnéiseach ''The King’s Stamp'', léirithe ag an GPO Film Unit. Tharla [[W. H. Auden]], an scríbhneoir, ag obair don GPO Film Unit ag an am sin freisin agus d’oibrigh Britten agus Auden le chéile ar na scannáin ''Coal Face'' agus ''Night Mail''.
Go luath sa bhliain 1939, lean Britten agus Pears Auden siar go Meiriceá. Ansin, sa bhliain ina dhiaidh chum Britten an chéad sraith amhrán den iliomad díobh a scríobh sé do Pears, ''Seven Sonnets of Michelangelo''. Mór leis an gceapadóir [[Aaron Copland]] cheana, chuala Britten a shaothair ba dhéanaí, mar atá ''Billy the Kid'' agus ''An Outdoor Overture'', dhá shaothar a chuaigh i gcion ar a chuid cheoil féin. Scríobh sé a chéad [[cheoldráma|ceoldráma]] i Meiriceá freisin, ''Paul Banyan'', ceolchluiche le leabhróg a scríobh Auden.
|