An difríocht idir athruithe ar: "Ard-Chúirt (Éire)"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá: Coat of arms of Ireland.svg|thumb|''' Éire''']]
Déileálann''' Ard-Chúirt''' na hÉireann ({{lang-en|The Irish High Court}}) leis na cásanna sibhialta agus coiriúla is tromchúisí agus tábhachtaí ag an gcéad chéim, agus gníomhaíonn sí freisin mar chúirt achomhairc i gcásanna sibhialta sa Chúirt Chuarda. Tá an chumhacht freisin aici cinneadh a dhéanamh cé acu an bhfuil nó nach bhfuil dlí bunreachtúil, agus [[athbhreithniú breithiúnach]] a thionscnamh ar gníomhartha an [[rialtas|rialtais]] agus comhlachtaí poiblí eile.
 
Bunaíodh an Ard-Chúirt faoi hAirteagal 34 de Bhunreacht na hÉireann, agus deonaíonn an Bunreacht "''lándlínse bhunaidh, agus cumhacht chun breith a thabhairt, i ngach ní agus ceist dlí nó fíorais cibé sibhialta nó coiriúil iad''" chomh maith leis an gcumas chun a chinneadh " ''bail a bheith nó gan a bheith ar aon dlí áirithe ag féachaint d'fhorálacha an Bhunreachta''" Ceapann an tUachtarán na Breithiúna.
 
Mar sin féin, mar a bhíonn ag beagnach gach cumhacht bhunreachtúil a bhíonn ag an tUachtarán, déantar na ceapacháin faoi réir "comhairle an Rialtais". Go praiticiúil, ciallaíonn sé seo go n-ainmníonnn an rialtas na breithiúna agus go huathoibríoch ceadaíonn an tUachtarán iad.
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
[[Catagóir: Cúirteanna ]]
[[Catagóir: Córais dlí]]