An difríocht idir athruithe ar: "Idirnáisiúntas Sóisialach"

no edit summary
Is é an rud atá san '''Idirnáisiúntán Sóisialach''' (nó '''IS''') ná eagraíocht idirnáisiúnta do [[páirtí polaitíochta|pháirtithe polaitíochta]] a sheasann don [[daonlathas sóisialach]] agus don [[Sóisialachas daonlathach|tSóisialachas daonlathach]]. Tá foireann rúnaíochta an Idirnáisiúntáin lonnaithe i [[Londain]]. I measc a chuid ballpháirtithe tá [[Páirtí an Lucht Oibre (Breatain)|Páirtí Lucht Oibre]] [[an Bhreatain Mhór|na Breataine Móire]], [[Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre]] ([[Tuaisceart Éireann]]), [[Páirtí an Lucht Oibre (Éire)|Páirtí Lucht Oibre]] [[Poblacht na hÉireann|Phoblacht na hÉireann]], [[Páirtí Sóisialta Daonlathach na Gearmáine|Páirtí Sóisialta Daonlathach]] [[an Ghearmáin|na Gearmáine]], [[Sóisialaigh Daonlathacha Mheiriceá|Sóisialaigh Dhaonlathacha]] [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|na Stát Aontaithe]], [[Páirtí Lucht Oibre na hAstráile|Páirtí Lucht Oibre]] [[an Astráil|na hAstráile]], [[Páirtí Nua Daonlathach]] [[Ceanada|Cheanada]], agus go leor eile.
 
==Stair==
 
Téann stair an Idirnáisiúntáin Shóisialaigh ar ais go dtí bunú an [[Dara hIdirnáisiúntán]], sa bhliain 1889. Tháinig scoilt ar an Idirnáisiúntán seo nuair a phléasc an [[Chéad Chogadh Domhanda]] amach, agus hathbhunaíodh, mar Idirnáisiúntán na Sóisialach agus an Lucht Oibre, sa bhliain 1923 é. Le linn an Dara Cogadh Domhanda, cuireadh cuid mhaith de bhallpháirtithe an Idirnáisiúntáin seo faoi chois, agus tháinig sé le chéile arís i ndiaidh an chogaidh. B'ansin a fuair sé an t-ainm atá ar an eagraíocht inniu.
 
Sna blianta i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, chuidigh an tIdirnáisiúntán Sóisialach le bunú nó athbhunú páirtithe daonlathacha sóisialacha i dtíortha a bhí ag teacht chucu arís i ndiaidh tréimhse fhada a chaitheamh ina ndeachtóireachtaí, ar nós na [[An Phortaingéil|Portaingéile]] agus na [[An Spáinn|Spáinne]]. Sna hochtóidí, bhí cuid mhór de bhallpháirtithe an Idirnáisiúntáin ag tacú leis na [[Saindinistithe]] i [[Nicearagua]], agus an páirtí seo i ndiaidh naimhdeas na Stát Aontaithe a tharraingt air lena chuid polasaithe cléacha. Idir an dá linn, d'fháiltigh an tIdirnáisiúntán an páirtí Saindinistíoch mar bhallpháirtí, maille le páirtithe áirithe iar-Chumannacha, ar nós na nDaonlathach Clé ón [[An Iodáil|Iodáil]] agus [[FRELIMO]] ó [[Mósaimbíc|Mhósaimbíc]].
 
==Nasc seachtrach==