An difríocht idir athruithe ar: "Dervla Murphy"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: it:Dervla Murphy, nl:Dervla Murphy; cosmetic changes
No edit summary
Líne 1:
Is scríbhneoir Éireannach í '''Dervla Murphy''' (ar an 28 DeireadhMí na FómhairSamhna 1931 a rugadh í) atá tugtha don taisteal, go mór mhór ar rothar nó, corruair, ar mhiúil no ar chapall. Tá sí ag scríobh leabhar faoina cuid eachtraí taistil le corradh agus dhá scór bliain anuas. Rinne sí an chuid ba mhó den taisteal seo ina haonar nó lena hiníon, gan ach na rudaí is bunúsaí á dtabhairt léi ach ag brath ar fhlaithiúlacht na ndaoine áitiúla. In ainneoin cuid mhór den domhan a bheith siúlta aici, cónaíonn sí go fóill san áit ar rugadh í, is é sin, [[Lios Mór]] i g[[Contae Phort Láirge]].
== A Luathshaol ==
Líne 5:
Ba as [[Baile Átha Cliath]] tuismitheoirí Dervla Murphy ón tús. Chuir siad fúthu i Lios Mór i gContae Phort Láirge i ndiaidh a hathair a beith ceaptha mar leabharlannaí chontae ansin. Nuair a bhí sí bliain d’aois, bhuail an t-airtríteas scoiltigh a máthair. Moladh dóibh gan a thuilleadh páistí a bheith acu agus mar sin d’fhás Dervla aníos ina haonar.
 
Ó luathaois, rinne sí cinneadh ar thaisteal a dhéanamh. Thug a tuismitheoirí rothar áthláimhe di mar bhronntanas ar ócáid a deichiú breithlá agus fuair sí sean[[atlas]] óna “Pappa” (.i. a seanathair). Is cuimhin le Dervla go fóill cá háit a raibh sí nuair a chinn sí ar a dhul go dtí an India lá eigin ar a rothar. Leathbhealach suas mála crochta in aici le Lios Mór, bhuail an smaoineamh í gurbh fhéidir léi [[an India]] a bhaint amach dá leanfadh sí ar aghaidh mar sin.
 
D’fhreastail Murphy ar an meánscoil ag an gClochar [[Ord na nUrsalach|Ursalach]] i bPort Láirge, ach d’imigh sí in aois 14 bliana di le haire a thabhairt dona máthair mhíchumasach. Sé bliana ní ba dhéanaí, thosaigh sí ar roinnt turas gearr: go dtí [[an Bhreatain Bheag]] agus go desiceart [[Sasana|Shasana]] sa bhliain 1951, go dtí [[an Bheilg]], [[an Ghearmáin]], agus [[an Fhrainc]] an bhliain ina dhiaidh sin, agus dhá thuras go dtí [[an Spáinn]], in 1954 agus 1956. Bhí roinnt alt faoin taisteal foilsithe aici san iris úd [[Hibernia]] agus ar an [[Irish Independent]], ach thug na foilsitheoirí cúl láimhe lena leabhar taistil faoin Spáinn.