An difríocht idir athruithe ar: "Bláthnaid Ní Chofaigh"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Láithreoir [[teilifís]]e [[Éire]]annach as [[Ráth Cairn]] i n[[Gaeltacht na Mí]] is ea '''Bláthnaid Ní Chofaigh''', a rugadh ar an 12 Samhain 1970.
 
As [[Conamara|Conamara]] do shinsir Ní Chofaigh, ach aistríodh go Ráth Cairn iad i 1935 le bhunúbunú Ghaeltacht na Mí. Rugadh ise féin i [[Québec]] i g[[Ceanada]].
 
Thosaigh Bláthnaid mar láithreoir ar ''[[Echo Island]]'', clár síamsaíochta do dhaoine óga ar [[Raidió Teilifís Éireann]] sna 1990í, agus í ina déagóir beag. Chuaigh sí go Teilifís na Gaeilge ([[TG4 ]] an lae inniu) nuair a bunaíodh an stáisiún sin sa bhliain 1996, agus d'oibrigh sí mar laithreoir ar chláir theilifíse do pháistí. Bhí uirthi sos a thógáil amach ón láithreoireacht agus í ag siúl. I ndáiríre thóg sí sos fada mar tá cúigear aici faoi láthair. Tháinig Ní Chofaigh ar ais ar an scáileán chun an clár RTÉ ''[[Celebrity Farm]]'' a chur i láthair, le réaltaí eile ar nós [[Twink]] (Adele King), [[George McMahon]] agus [[Máiréad McGuiness]].
 
Bhí Bláthnaid ina láithreoir do RTÉ agus [[TG4]] le haghaidh [[Comórtas Domhanda Samhraidh na gCluichí Oilimpeacha 2003]] in Éirinn. Tá sí ina comhláithreoir do chlár de chuid [[RTÉ]], ''[[The Afternoon Show]]'' ó 2004 anuas. Bhí Ní Chofaigh ina ball den chlár síamsaíochta RTÉ do dhuine fásta ''[[The Podge and Rodge Show]]'', agus thit sí i dtrioblóid faoi rudaí labhairthe aici ar an gclár faoi [[Dicky Rock]]. Bhí sí ina breitheamh ar ''[[The All-Ireland Talent Show]]''
 
Faoi láthair tá Ní Chofaigh ina cónaí lena clann i m[[Baile Átha Cliath]] i ndeisceart na cathrach ach téann sí ar ais go minic go [[Ráth Chairn]] chun a muintir a fheiceáil. D'éag a hathair sa bhliain 2008 i Ráth Cairn. Tá a muintir fós ag cónaí i [[Ráth Chairn]] agus feictear Bláthnaid corruair sa [[Bhradán Feasa]] i [[Ráth Chairn]].