An difríocht idir athruithe ar: "Dervla Murphy"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 5:
Ba as [[Baile Átha Cliath]] tuismitheoirí Dervla Murphy ón tús. Chuir siad fúthu i Lios Mór i gContae Phort Láirge i ndiaidh a hathair a beith ceaptha mar leabharlannaí chontae ansin. Nuair a bhí sí bliain d’aois, bhuail an t-airtríteas scoiltigh a máthair. Moladh dóibh gan a thuilleadh páistí a bheith acu agus mar sin d’fhás Dervla aníos ina haonar.
 
Ó luathaois, rinne sí cinneadh ar thaisteal a dhéanamh. Thug a tuismitheoirí rothar áthláimhe di mar bhronntanas ar ócáid a deichiú breithlá agus fuair sí sean[[atlas]] óna “Pappa” (.i. a seanathair). Is cuimhin le Dervla go fóill cá háit a raibh sí nuair a chinn sí ar a dhul go dtí an India lá eigin ar a rothar. Leathbhealach suas mála crochta in aici le Lios Mór, bhuail an smaoineamh í gurbh fhéidir léi [[an India]] a bhaint amach dá leanfadh sí ar aghaidh mar sin.<ref> Murphy, D. (1979) ''Wheels Within Wheels.''</ref>
 
D’fhreastail Murphy ar an meánscoil ag an gClochar [[Ord na nUrsalach|Ursalach]] i bPort Láirge, ach d’imigh sí in aois 14 bliana di le haire a thabhairt dona máthair mhíchumasach. Sé bliana ní ba dhéanaí, thosaigh sí ar roinnt turas gearr: go dtí [[an Bhreatain Bheag]] agus go deisceart [[Sasana|Shasana]] sa bhliain 1951, go dtí [[an Bheilg]], [[an Ghearmáin]], agus [[an Fhrainc]] an bhliain ina dhiaidh sin, agus dhá thuras go dtí [[an Spáinn]], in 1954 agus 1956. Bhí roinnt alt faoin taisteal foilsithe aici san iris úd [[Hibernia]] agus ar an [[Irish Independent]], ach thug na foilsitheoirí cúl láimhe lena leabhar taistil faoin Spáinn.