An difríocht idir athruithe ar: "Éirí Amach na Cásca"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Líne 16:
|taismigh1=Básanna: 82 <br> Gortaithe: 1,617 <br> Cuireadh chun báis: 16
|taismigh2=Básanna: 157 <br> Gortaithe: 318
|nótaí=<center>(Sibhialtaigh- Básanna: 220. Gortaithe: 600)</center>
|}}
Ceannairc i gcoinne forlámhas [[Sasana|Shasana]] ar [[Éire|Éirinn]] ab ea '''Éirí Amach na Cásca''' (nó '''Aiséirí na Cásca''') ar [[Luan Cásca]], [[24 Aibreán]] [[1916]]. Ghlac [[Óglaigh na hÉireann|na hÓglaigh]] agus [[Arm Cathartha na hÉireann|an tArm Cathartha]] seilbh ar fhoirgnimh thábhachtacha i lár [[Baile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliath]], agus [[Ardoifig an Phoist]] i [[Sráid Uí Chonaill]] mar cheanncheathrú acu. Ós rud é gur fhoilsigh ceannaire na nÓglach, [[Eoin Mac Néill]], fógráin ar na nuachtain an tseachtain roimh an gCáisc, agus é ag fógairt "go raibh paráidí na nÓglach ar an gCáisc" curtha ar ceal, níor ghlac ach tuairim is míle duine páirt san Éirí Amach, idir fhir agus mhná. Tháinig ceithre chéad duine le chéile le haghaidh [[Éirí Amach na Cásca i nGaillimh|an éirí amach in oirthear na Gaillimhe]].