An difríocht idir athruithe ar: "Teangacha Afráiseacha"

m
róbat ag mionathrú: id:Rumpun bahasa Afroasiatik; cosmetic changes
m (róbat ag suimiú: sh:Afroazijski jezici)
m (róbat ag mionathrú: id:Rumpun bahasa Afroasiatik; cosmetic changes)
* na teangacha Ómótacha, a labhraítear in Iardheisceart na hAetóipe. Le fírinne, níl na saineolaithe go léir cinnte, ar chóir na teangacha Ómótacha a aicmiú ar na teangacha Afráiseacha. Tá a leithéid de theanga agus Ongota á labhairt ag cupla duine in iardheisceart na hAetóipe, agus í ina cnámh spairne ag na teangeolaithe, nó níltear cinnte, ar chóir í a aithint mar cheann de na teangacha Ómótacha, nó mar chraobh inti féin i gcrann ginealais na dteangacha Afráiseacha.
 
== Bundúchas na dTeangacha Afráiseacha ==
 
Níl lucht an tsaineolais ar aon bharúil faoin áit a raibh cónaí ar an bpobal a raibh an chéad bhunteanga Afráiseach á labhairt acu, ach creidtear go coitianta gur tháinig an phrótatheanga ar an bhfód in Oirthuaisceart na hAfraice. Tá scoláirí áirithe, cosúil le hIgor Diakonov agus Lionel Bender, den tuairim gurb í an Aetóip í, ós ansin atá an éagsúlacht is mó de na teangacha Afráiseacha inniu, agus iad á labhairt go tiubh in aice le chéile. Tá taighdeoirí eile ag áitiú gurb iad an tSahára agus cósta thiar na Muire Deirge an dá áit inar fhorbair na teangacha seo - taighdeoirí ar nós Christopher Ehret. Ceapann mionlach beag de na saineolaithe, áfach, gurb é an Leiveant is fód dúchais do na teangacha Afráiseacha.
 
Is iad na teangacha Seimíteacha an t-aon bhrainse amháin de na teangacha seo a labhraítear go fairsing taobh amuigh den Afraic. Cuid de na taighdeoirí, síleann siad go ndeachaigh dream de chainteoirí ar ais go dtí an Afraic ón Leiveant agus gur chuir siad an chéad síol leis an Amairis agus leis na teangacha Aetóipeacha eile ansin. Tá saineolaithe eile den tuairim, áfach, gurb é a mhalairt atá fíor, is é sin, gurb í an Aetóip is fód dúchais do na teangacha Seimíteacha.
 
== Tonúlacht ==
 
Maidir leis an tonúlacht, bíonn na teangacha Afráiseacha éagsúil go leor. Ní úsáidtear tuineacha le focail difriúla a aithint thar a chéile sna teangacha Seimíteacha ná sna teangacha Beirbreacha, agus níl aon fhianaise ón Éigiptis ná ón gCóiptis ag tabhairt le fios go raibh a leithéidí iontu ach an oiread. Sna craobhacha eile, áfach, bíonn teangacha tonúla an-choitianta.
 
== Comh-shaintréithre na dTeangacha Afráiseacha ==
 
* Ordú na bhfocal. Creidtear gurb é an t-ordú a bhí sa Phróta-Sheimitis - is é sin, sa teanga hipitéiseach as ar eascair na teangacha comhaimseartha sa ghrúpa seo - ná VSO, is é sin, briathar - ainmní - cuspóir, díreach cosúil leis an nGaeilge. Sin é an t-ordú atá san Araibis Chlasaiceach agus in Eabhrais an Bhíobla. Inniu, áfach, tháinig athrú ar an scéal ina lán teangacha. Faoi thionchar na dteangacha Eorpacha, is iomaí canúint Araibise a ghlac leis an ordú SVO (ainmní - briathar - cuspóir). Ón taobh eile de, is é an t-ordú is fearr leis na teangacha Aetópacha, cosúil leis an Amairis, ná SOV (ainmní - cuspóir - briathar), agus is é tionchar na dteangacha Cúisíteacha sa timpeallacht is cúis leis an athrú seo, dar leis na saineolaithe.
 
{{stumpa}}
 
[[Catagóir:Fine Teangacha|Afráiseacha]]
 
[[hu:Afroázsiai nyelvcsalád]]
[[ia:Linguas afro-asiatic]]
[[id:BahasaRumpun Afro-Asiabahasa Afroasiatik]]
[[ilo:Pagsasao nga Afro-Asiatica]]
[[it:Lingue afro-asiatiche]]
37,446

edits