An difríocht idir athruithe ar: "Teangacha Abkhaz-Adyghe"

Content deleted Content added
m róbat ag mionathrú: ko:북서캅카스어족; cosmetic changes
Líne 1:
[[Íomhá:Northwest Caucasian languages (en).svg|300px|thumb|Teangacha Cugasacha Iar-Thuaisceartacha]]
Is [[Fine teangacha|grúpa teangacha]] iad na '''teangacha Abkhaz-Adyghe''', na '''teangacha Pontacha''' nó na '''teangacha Cugasacha Iar-Thuaisceartacha''' a labhraítear i réigiún Cugasach na [[An Rúis|Rúise]], sa [[An Tuirc|Tuirc]] agus sa [[An tSeoirsia|tSeoirsia]]. Tá na [[Teanga (cumarsáid)|teangacha]] seo chomh bocht i ngutaí agus atá siad saibhir i gconsain, nó is iomaí cineál comhurlabhairt is féidir a chur le consan sna teangacha seo. Teangacha táite iad chomh maith, is é sin, teangacha ina mbaintear úsáid as a lán míreanna gramadúla éagsúla a ghreamaítear de thamhain na bhfocal.
 
Ní bhíonn díochlaonadh na n-ainmfhocal róchasta sna teangacha seo, ach is scéal eile ar fad é réimniú na mbriathar. Bíonn míreanna gramadúla sna briathra a chuireann in iúl comhréir iomlán na habairte, a bheag nó a mhór. Sa [[Gaeilge|Ghaeilge]], níl ach aon chineál amháin de mhíreanna in úsáid - na cinn a thugann le fios pearsa agus uimhir an ainmní (''tuga'''im''''', ''tuga'''imid'''''), agus na cinn seo féin ag géilleadh do chóras níos simplí (''tugann mé, tugann muid''). Ní cheadaítear ach aon bhriathar finideach amháin san abairt, go prionsabalta. Mar sin, ní cheadaítear fochlásail ach an oiread, agus ní mór dul i muinín córas casta rangabhálacha agus infinideach le ciall an fhochlásail a aistriú go ceann de na teangacha seo. Agus an méid seo ráite, is gá cuimhne a choinneáil air go bhfuil an [[Rúisis]] ag imirt a tionchair ar na teangacha seo, ionas go bhfuil sé ag éirí indéanta fochlásail a úsáid iontu, sa teanga Abkhaz ar a laghad.
Líne 20:
* go bhfuair teangacha na fine seo a lán focal ar iasacht óna chéile i rith na mblianta, ionas nach bhfuil sé éasca a shocrú cén chuma a bhí ar na focail sa phrótatheanga;
 
* go mbíonn na homafóin (focail nach ionann a gciall cé go bhfuaimnítear cosúil le chéile iad) sách coitianta i dteangacha na fine.
 
[[Catagóir:Fine Teangacha]]
Líne 39:
[[it:Lingue caucasiche nordoccidentali]]
[[ja:北西コーカサス語族]]
[[ko:북서카프카스어족북서캅카스어족]]
[[mk:Северозападни кавкаски јазици]]
[[nl:Abchazo-Adygeïsche talen]]