An difríocht idir athruithe ar: "An tSind"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Tá an tSind (Sindis: سنڌ), (Urdais: سندھ), (Araibis: السند) ar cheann de cheithre cúigí na Pacastáine agus go stairiúil is...'
(No difference)

Leagan ó 13:44, 14 Eanáir 2010

Tá an tSind (Sindis: سنڌ), (Urdais: سندھ), (Araibis: السند) ar cheann de cheithre cúigí na Pacastáine agus go stairiúil is í tír dhúchais na Sindigh. Tá cónaí freisin ar ghrúpaí cultúrtha agus eitneacha éagsúla eile sa tSind lena n-áirítear lucht labhartha na hUrdaise, dídeanaithe Moslamacha a tháinig chun na Sinde ó hIndia le linn neamhspleáchas na tíre a bheith bainte amach chomh maith le daoine eile a chuaigh ar imirce ó chúigí eile tar éis neamhspleáchas sa bhliain 1947. Tá teorannacha aici leis an Bhalúcastáin san iarthar agus san tuaisceart, le Punjab san tuaisceart, an Ghúisearáit agus an Rajasáin san oirthear agus san oirdheisceart, agus Muir Arabach ó dheas. Is í an teanga labhartha is mó ná an tSindis. Tá an t-ainm díorthaithe ó Sanskrit, agus a bhí ar eolas ag an hAisiriaigh (comh luath agus an seachtú haois RC) mar Sinda, na Peirsigh mar Abisind, na Gréigigh mar Sinthus, na Rómhánaigh mar Sindus, na Sínigh mar Sintow, agus na hArabaigh mar Al-Sind.