An difríocht idir athruithe ar: "Caeisiam"

Content deleted Content added
m roboto aldono de: yo:Caesium
m róbat ag suimiú: war:Caesium; cosmetic changes
Líne 9:
|Íomhá=Cs-TableImage.png
}}
Is é an '''caeisiam''' [[Dúil cheimiceach|dúil]] [[Uimhir adamhach|uimhir]] a 55, agus is í an tsiombail cheimiceach atá aige ná '''Cs'''. Cosúil leis na miotail alcaileacha eile, is miotal é a bhfanann loinnir an airgid ghil ann a fhad is nach dtagann sé i dteagmháil le [[Ocsaigin|hocsaigin]] an aeir. Tá imoibriú an chaeisiam leis an [[uisce]], arís, níos feiceálaí agus níos fíochmhaire ná an t-imoibriú céanna ag na miotail alcaileacha níos éadroime ná é - le fírinne, tá an caeisiam in ann an t-imoibriú seo a dhéanamh leis an oighear féin má tá an teocht níos airde ná -116 °C.
 
Is minic a shíltear go bhfuil an caeisiam radaighníomhach, ó scaipeadh [[iseatóp]] radaighníomhach na dúile seo timpeall na hEorpa i ndiaidh thubaiste [[Chernobyl]]. Le fírinne, áfach, is é an t-aon iseatóp amháin atá ar fáil sa dúlra ná <sup>133</sup>Cs, agus is iseatóp cobhsaí é. Na hiseatóip radaighníomhacha atá ag an gcaeisiam, ní mór iad a ghineadh go saorga. Scéal eile ar fad is ea é go bhfuil <sup>134</sup>Cs ar ceann de na [[Núiclíd|núiclídí]] is tábhachtaí leis an truailliú i dtimpeallacht na stáisiún adamhach cumhachta a thomhas.
 
Má chuirtear salann caeisiam trí thine, aithneofar an caeisiam ar an lasair ghorm. Sin é an tuige go dtugtar "caeisiam" ar an dúil seo, nó is focal [[Laidin|Laidine]]e é ''caesius'' a chiallaíonn "gealghorm" nó "spéirghorm".
 
Is í an ghnáthuimhir ocsaídiúcháin a bhíonn ag an gcaeisiam ina chuid comhdhúl ná +1, ar ndóigh. Tugann tuairiscí áirithe le fios, áfach, go bhfuil an fluairín inniúil ar an gcaeisiam a ocsaídiú go huimhreacha níos airde fós.
Líne 99:
[[vi:Xêzi]]
[[wa:Ceziom]]
[[war:Caesium]]
[[yo:Caesium]]
[[zh:铯]]