An difríocht idir athruithe ar: "Copar"

Content deleted Content added
No edit summary
~MOS
Líne 9:
|Íomhá=Cu-TableImage.png
}}
[[Image: Cuivre Michigan.jpg|thumb|280px|alt=||<center> Copar</center>|left]]
 
Is [[dúil cheimiceach]] é an '''copar'''. Is é an ceann is éadroime de na miotail lómhara. Is í an uimhir adamhach atá aige ná 29, agus is é '''Cu''' an tsiombail cheimiceach. Miotal insínte é agus é ina sheoltóir maith leictreachais agus teasa. Tá dath ruadhearg ann, nó fiú pinc, má tá sé nuaghearrtha. Ó tá sé chomh maith sin ag iompar teasa agus leictreachais, úsáidtear mar sheoltóir leictreach agus teirmeach é. Comhábhar tábhachtach é ina lán cóimhiotal freisin - is cóimhiotal copair agus stáin é an [[cré-umha]], agus mar is eol dúinn, bhí an cré-umha chomh tábhachtach lena linn is gur bhaist na staraithe a ainm ar aois iomlán i stair an duine - [[an Chré-umhaois]].
 
[[Image: Cuivre Michigan.jpg|thumb|280pxleft|alt=||<center> Copar</center>|left]]
Maidir leis an gcopar féin, fuair sé a ainm ó oileán na [[An Chipir|Cipire]], ós ansin a bhí na poill mhianaigh ba mhó a tháirg copar sa tseanársaíocht.
 
Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin a bhíonn ag an gcopar sna comhdhúile ná +II (na comhdhúile copracha) agus +I (na comhdhúile coprúla), agus is é +II an ceann is coitianta agus is cobhsaí. Bíonn dath gorm nó uaine sna comhdhúile copracha. Is féidir leis an bhfluairín an copar a ocsaídiú go +III nó +IV, ach bíonn a leithéidí de chomhdhúile an-éagobhsaí.
 
 
 
{{Síol}}