An difríocht idir athruithe ar: "Noel Gallagher"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Eolas eile
Líne 1:
[[File:Noel_Gallagher_playing_Champagne_Supernova.jpg|deas|200px|thumb|Noel Gallagher ag seinm ag ceolchoirm sa bhliain [[2008]].]]
Is ceoltóir [[Sasana]]ch é '''Noel Thomas David Gallagher''' (as Gaeilge: ''Nollaig Tomás Daithí Ó Gallchóir'') a rugadh in [[Burnage]] [[Manchain|Mhanchain]] an [[29 Bealtaine]] [[1967]]. Bhí Gallagher ina phríomhscríbhneoir, [[giotár|príomhghiotáraí]] agus amhránaí sa ghrúpa rac-cheoil [[Oasis]], banna a bhunaigh sé in éineacht lena dheartháir [[Liam Gallagher|Liam]]. Is as [[Contae Mhaigh Eo|Co. Mhaigh Eo]] dá mháthair agus as [[Contae na Mí|Co. na Mí]] dá athair<ref>[http://www.irishtimes.com/newspaper/theticket/2008/1003/1222815469295.html?via=mr The Irish Times 3 Deireadh Fómhair 2008]</ref>.
 
Thosaigh sé a shlí bheatha sa cheol le banna mór le rá eile as Manchain, Inspiral Carpets. Theip sé ina iarracht a bheith ina amhránaí sa ghrúpa, ach lean sé ar aghaidh ag obair leo mar "roadie". Nuair a d'fhill ´sé ar Mhanchain tar éis chamchuairt leis na hInspiral Carpets, chuaigh sé chun súil a chaitheamh ar bhanna a dhearthár, Rain ab ainm dóibh sna laethanta seo. Ní raibh meas ar bith aige dóibh mar bhanna, ach ghlac sé seilbh orthu agus chuir sé na h-amhráin a bhí scríofa aige féin ar fáil dóibh. D'athraigh siad ainm an bhanna go Oasis, tar éis siopa éadaí sa chathair.
 
D'fhág Gallagher an banna sa bhliain 2009 de bharr achrann eile lena dheartháir Liam, agus "easpa tacaíochta" ó bhaill eile agus bainisteoireacht an ghrúpa, mar a thug sé air. Ní fios fós cad a dhéanfaidh sé as seo amach.
 
==Tagairtí==