An difríocht idir athruithe ar: "Noel Gallagher"

Content deleted Content added
Eolas eile
No edit summary
Líne 3:
 
Thosaigh sé a shlí bheatha sa cheol le banna mór le rá eile as Manchain, Inspiral Carpets. Theip sé ina iarracht a bheith ina amhránaí sa ghrúpa, ach lean sé ar aghaidh ag obair leo mar "roadie". Nuair a d'fhill ´sé ar Mhanchain tar éis chamchuairt leis na hInspiral Carpets, chuaigh sé chun súil a chaitheamh ar bhanna a dhearthár, Rain ab ainm dóibh sna laethanta seo. Ní raibh meas ar bith aige dóibh mar bhanna, ach ghlac sé seilbh orthu agus chuir sé na h-amhráin a bhí scríofa aige féin ar fáil dóibh. D'athraigh siad ainm an bhanna go Oasis, tar éis siopa éadaí sa chathair.
 
Bhain Oasis an-cháil amach thar oíche lena gcéad ceirnín ''Definitely Maybe''. B'é Gallagher a chum na rianta ar fad, roinnt dóibh agus é fós ag obair lena athair ar na láithreáin tógála ar fud na cathrach. Chuaigh ceol an bhanna go mór i bhfeidhm ar ghlúin óg nua, ceol sultmhar agus sonasach a tháinig mar shólás do dhaoine a bhí tuirseach leis an stíl cheoil dorcha a bhí i bhfaisean ag an am, [[grúinse]] agus araile. Bhí ainm in airde ag Oasis go tobann, agus Noel go h-áirithe mar chumadóir agus urlabhraí an ghrúpa.
 
Ó thaobh an chumadóireachta de, cuireadh i leith Gallagher uaireanta gur ghoid sé rudaí ó bhannaí éagsúla, mar shampla [[Rolling Stones]] agus a laochra [[The Beatles]]. Níor shéan Gallagher na líomhaintí seo go díreach, ach mhaígh sé go raibh grá mór aige do na fathaigh siúd, agus rinne sé an méid seo mar ómós. "Leantóir a chumann amhráin", mar a thug seisean air.
 
D'fhág Gallagher an banna sa bhliain 2009 de bharr achrann eile lena dheartháir Liam, agus "easpa tacaíochta" ó bhaill eile agus bainisteoireacht an ghrúpa, mar a thug sé air. Ní fios fós cad a dhéanfaidh sé as seo amach.