An difríocht idir athruithe ar: "Dónall Ó Conaill"
Content deleted Content added
m robot Adding: th:แดนเนียล โอคอนเนลล์ |
No edit summary |
||
Líne 2:
Polaiteoir [[Éire]]annach as [[Ciarraí]] ab ea '''Dónall Ó Conaill''' ([[6 Lúnasa]], [[1775]] – [[15 Bealtaine]], [[1847]]). Ba dhaoine saibhre iad muintir Uí Chonaill. Chuaigh Dónall ar an ollscoil, agus bhain sé amach céim dlí. Rinneadh abhcóide de. Chuaigh sé le polaitíocht níos déanaí. Bhí sé i gcoinne [[Acht an Aontais 1800|Acht an Aontais]], agus d’oibrigh sé go dian chun saoirse na g[[Caitliceachas|Caitliceach]] a bhaint amach, iarracht ar a dtugtar [[Fuascailt na gCaitliceach]]. Toghadh é go Westminster sa bhliain [[1828]]. Tugadh saoirse iomlán do na Caitlicigh sa bhliain [[1829]]. Cailleadh an Conallach in 1847, agus cáil air ar fud na hEorpa faoin am sin.
==Luath-bhlianta Dónall Ó Conaill==
Rugadh Ó Conaill láimh le [[Cathair Saidhbhín]] sa bhliain 1775. Bá Caitlicigh meán-aicmeach iad a chlann agus bhí go leor aintíní agus uncail mór le rá aige. D'fhreastail sé ar scoil scairte i g[[Contae Chorcaí]] ar dtús. Níos déanaí, i rith a déaga, chuaigh sé thar lear go dtí [[an Fhrainc]] chun staidéar a dhéanamh ar an dlí. Nuair a bhí sé mar mac léinn sa Fhrainc, fuair sé taithí nach beag ar an fhoiréigean nuair a thosaigh [[Réabhlóid na Fraince]] agus ó shin amach shéinn sé an foireagán mar modh reabhlóideach. Chreid Ó Conaill sa [[Náisiúnachas Bunreachtúil]] agus bhí seo mar príomh-chuid dá modhanna agus polasaithe i rith a shaol polaitiúl. Bhog sé go Londain i 1793 le ealú ón fhoireágan sa Fhrainc. Thosaigh sé ag staidéar an dlí i gcoláiste "Lincoln's inn" i Londain agus bhog sé go "King's inn" in Áth Chliath dhá bhlian níos moille. Cailíodh é mar abhcóide i 1798 agus bhí sé mar bunaitheoir ar cleachtas measartha rathúil. Phós Ó Conaill a chol-ceathrar Máire in 1802 agus bhí dhá pháiste déag rugtha acu. Níor mhair ach seachtar, ámh.
==Ó Conaill agus an Ghaeilge==
Tá a lán scéalta béaloidis ann a thugann le fios go raibh an Ghaeilge go paiteanta aige, agus é sásta úsáid a bhaint aisti mar theanga rúnda.
===Scéal tipiciúil béaloidis faoin gConallach agus an Ghaeilge===
Líne 24:
==Fuascailt na gCaitliceach==
Nuair a reachtaíodh [[Acht an Aontais]] in 1800, bhí an meánaicme agus uasalaicme Éirinneach ag dúil le Fuascailt na gCaitliceach gan mhoill. Nuair a chonacais dóibh nach raibh an Fuascailt ag dul a bheith reachtaithe sa ghearr-todhchaí réitigh siad cuir in éadan de chinéal éigin a chuir ar bun. Tháinig Dónall Ó Conaill chun tosaigh ag an pointe seo mar pholaiteoir. Ba cheannaire é ar [[Coiste na gCaitliceach]] agus ghlac sé smacht nach beag ar an gluaiseacht a bhí ar son Fuascailt na gCaitliceach.
Theastaigh ó Dhónall Ó Conaill deireadh iomlán a chur leis [[na Péindlíthe]]. Bhunaigh sé [[Compántas na gCaitliceach]] sa bhliain 1823 chun an cuspóir seo a bhaint amach. D'eagraigh sé cruinnithe ollmhóra oscailte ar fud na hÉireann. Bhíodh na mílte duine i láthair le cluais éisteachta a thabhairt dó.▼
▲Theastaigh
Is léir go ndeachaigh na sluachruinnithe seo go mór mór i gcion ar mhuintir na hÉireann chomh maith le hilmheáin (nuachtáin) na linne, ach lenár linn féin, is minic a fuair lucht athbheochana na Gaeilge locht ar an gConallach, ó nach labhraíodh sé ach Béarla le lucht a éisteachta, fiú in Iarthar na hÉireann, áit nach raibh "léann ná Béarla" ag an gcuid ba mhó den chosmhuintir. Is é an míniú is minicí a thugtar ar an mBéarlóireacht seo ná go raibh sé ag díriú ar na nuachtáin. Is é sin, ní raibh gá leis an nGaeilge, ó bhí na Gaeilgeoirí bochta ag tacú leis cheana féin, ach san am céanna, bhí gá leis an mBéarla, ó chaithfeadh sé lucht léite na nuachtán a chur ar athrú comhairle faoi chúis na gCaitliceach. B'é oighear an scéil, áfach, ná gur thosaigh cainteoirí dúchasacha na Gaeilge ag ceapadh gurbh é an Béarla teanga na polaitíochta, ó nach raibh ach Béarla á labhairt ag fear a n-ionadaíochta féin.
Line 30 ⟶ 32:
Bhailigh sé pingin amháin in aghaidh na míosa ó gach ball den Chompántas. Tugadh "an Cíos Caitliceach" ar an airgead seo toisc gur ghnách é a bhailiú Dé Domhnaigh ag doras an tséipéil.
Sheas an Conallach sna toghcháin i g[[Contae an Chláir]] sa bhliain 1828. Bhuaigh sé an toghchán, ach ní raibh cead ag Caitliceach ar bith bheith ina bhall den Pharlaimint Ghallda ag an am sin gan mionn dílseachta a thabhairt do choróin na Breataine. Dhiúltaigh
==Aisghairm Acht an Aontais==
Line 41 ⟶ 43:
==Bás agus Oidhreacht==
Fuair Ó Conaill bás agus é ar oilithreacht go dtí [[an Róimh]]. Bhí sé 71 bliain d'aois. Cuireadh a chorp san uaigh i [[Reilig Ghlas Naíon]] i mBaile Átha Cliath. Fuair an Conallach bás ar a thuras go dtí an Roimh agus meastar go bhfuair sé bás i gcathair Genoa. Agus é ar leaba a bháis dúirt sé (de réir béaloideas): "Mo chorp go Éirinn agus mo chroí go Róimh".
Ó chaith an Conallach dúthracht a shaoil ag iarraidh cearta sibhialta a bhaint amach do na Caitlicigh, tugtar an ''Liberator'' air as Béarla. Is é an gnáth-théarma Gaeilge a úsáidtear inniu leis an ''Liberator'' a aistriú ná an '''Fuascailteoir''', ach deir Ríonach Uí Ógáin ina leabhar faoin gConallach i mbéaloideas na hÉireann, ''Immortal Dan'', gurbh é an '''Saoirseoir''' an leagan is minicí a bhíonn sa bhéaloideas, mura mbaintear úsáid as an bhfocal Béarla scun scan.
|