An difríocht idir athruithe ar: "Leonid Brezhnev"

Content deleted Content added
+ síniú
m róbat ag suimiú: br:Leonid Brejnev; cosmetic changes
Líne 1:
{{Bosca Sonraí Polaiteoir
|ainm =Leonid Ilyich Brezhnev<br /><small>Леонид Ильич Брежнев</small>
|íomhá =Brezhnev 1973.jpg{{!}}128px
|teideal1 =Ard-Rúnaí [[Páirtí Cumannach an Aontais Shóivéadaigh|Pháirtí Cumannach an Aontais Shóivéadaigh]]
Líne 19:
Bhí '''Leonid Ilyich Brezhnev''' ([[Rúisis]]: Леони́д Ильи́ч Бре́жнев, Leonid Il'ič Brežnev; [[19 Nollaig]], [[1906]] – [[10 Samhain]], [[1982]]) ina cheannaire ar an [[An tAontas Sóivéadach|Aontas Sóivéadach]] idir an [[14 Deireadh Fómhair]] [[1964]] agus lá a bháis sa bhliain 1982. Is é an ceannaire a chaith an tréimhse is faide sa phost seo, ach amháin [[Iósaf Stailín]].
 
== A óige ==
Rugadh Brezhnev i gKamenskoe (inniu: Dniprodzerzhyns'k) san [[An Úcráin|Úcráin]], agus b'iad a thuismitheoirí Illya Yakovlevich Brezhnev, fear oibre i dteilgcheárta cruach, agus a bhean Natalia Denisovna. Rúiseach ab ea Illya Brezhnev, agus Úcráineach a bhí i Natalia Denisovna. Bhí blas na [[Úcráinis|hÚcráinise]] ar chaint Leonid Brezhnev riamh, agus go dtí an bhliain [[1952]], chláraigh sé é féin mar Úcráineach (ina dhiaidh sin, mhothaigh sé é féin ina Rúiseach, de réir cosúlachta). Ar nós a lán daoine óga a raibh cúlra an lucht oibre acu san am san Aontas Sóivéadach, fuair Leonid oideachas innealtóireachta agus teicneolaíochta. Ar dtús, rinne sé staidéar ar bhainistíocht úsáide talún, agus ina dhiaidh sin, ar an miotalóireacht. Bhain sé amach a chéim ó Scoil Theicneolaíoch na Miotalóireachta i nDniprodzerzhyns'k, agus é ag dul le hinnealtóireacht i dtionsclaíocht iarainn agus cruach na hÚcráine Thoir. Chuaigh sé sna Cumannaigh Óga sa bhliain [[1923]], agus sna Cumannaigh féin sa bhliain [[1931]].
 
Líne 26:
Bhain Brezhnev leis an chéad ghlúin de Chumannaigh Shóivéadacha nár choinnigh cuimhne ar bith ar na laethanta roimh an Réabhlóid agus a bhí ró-óg le páirt a ghlacadh sa troid faoi cheannasaíocht an pháirtí i ndiaidh bhás Léinín sa bhliain [[1924]]. Nuair a chuaigh Brezhnev sa Pháirtí, b'é Stailín a bhí ina cheannaire agus ina dheachtóir air chomh maith leis an tír go léir. Is iomaí Cumannach cosúil le Brezhnev a tógadh le Stailíneachas agus nach rithfeadh leo tuairimí Stailín a cheistiú ar aon nós. Iad siúd a tháinig slán as an bPurgú Mór sna blianta [[1937]]-1939, d'fhéadfaidís dul chun cinn a dhéanamh go sciobtha, nó is iomaí folúntas a bhí le líonadh go hard i gcóras an Pháirtí agus sa státseirbhís féin.
 
== San arm ==
Sa bhliain 1941, d'ionsaigh na Naitsithe an tAontas Sóivéadach. Cosúil lena lán feidhmeannach meánleibhéil eile, preasáladh Brezhnev féin san arm. Chuidigh sé leis na monarchana a aistriú ó Dnepropetrovsk go hOirthear an Aontais Shóivéadaigh sula dtitfeadh an chathair leis na [[An Ghearmáin|Gearmánaigh]] (rud a tharla ar an [[26 Lúnasa]] [[1941]]), agus ina dhiaidh sin, bhí sé ag obair ina choimeasár polaitiúil.
 
Líne 36:
B'é [[Nikita Khrushchev]] an coimeasár polaitiúil ab airde céim ar an bhFronta, agus bhí sé ag cabhrú le Brezhnev dul chun cinn a dhéanamh sa pháirtí. Nuair a tháinig deireadh leis an [[An Dara Cogadh Domhanda|Dara Cogadh Domhanda]] san [[An Eoraip|Eoraip]], bhí Brezhnev ina Ard-Choimeasár Polaitiúil ar Cheathrú Fronta na hÚcráine. B'iad saighdiúirí an Fhronta seo ba túisce a shealbhaigh [[Prág]] i ndiaidh ghéilleadh na nGearmánach.
 
== Ceannaire ==
I Mí Lúnasa [[1946]], d'fhág Brezhnev slán ag an Arm Dearg, agus é ina Mhaor-Ghinearál faoin am seo. Chaith sé blianta an chogaidh ar fad ina choimeasár - is é sin, ina aoire polaitiúil - seachas ina cheannasaí míleata. I ndiaidh dó seal a chaitheamh ag atógáil na hÚcráine, rinneadh an Chéad Rúnaí in Dnepropetrovsk de arís. Sa bhliain [[1950]], bhain sé amach suíochán sa tSóivéid Uachtarach, is é sin, i bparlaimint an Aontais Shóivéadaigh. Sa bhliain 1952, bhain sé amach ballraíocht ar Lárchoiste an Pháirtí Chumannaigh, agus é ina iarrthóir don Phraesaidiam (sin é an t-ainm a bhí ar Bhiúró Polaitiúil an Pháirtí san am).
 
Líne 59:
 
{{Ceannairí na Rúise}}
 
[[Catagóir:Polaiteoirí na Rúise|Brezhnev, Leonid]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1906|Brezhnev, Leonid]]
Line 68 ⟶ 69:
[[be-x-old:Леанід Брэжнеў]]
[[bg:Леонид Брежнев]]
[[br:Leonid Brejnev]]
[[bs:Leonid Brežnjev]]
[[ca:Leonid Brèjnev]]