An difríocht idir athruithe ar: "Nasctheanga"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Líne 9:
* Nasctheanga stairiúil ab ea í an teanga [[Russenorsk]]. Meascán den [[Rúisis]] agus den [[Ioruais]] a bhí ann agus gramadach an-simplí ag dul leo. Bhí sí á húsáid ag na hiascairí Rúiseacha agus Ioruacha ina gcuid gnóthaí tráchtála le chéile, go dtí gur dhún an [[Réabhlóid Dheireadh Fómhair|réabhlóid Bhoilséiveach]] an teorainn.
 
* Nasctheanga stairiúil eile ab ea í an teanga [[Chinook Jargon]]. Béarlagair measctha a bhí ann a fuair a chuid focal ón m[[Béarla]], ón bh[[Fraincis]] agus ó na teangacha bundúchasacha a bhain leis an ngrúpa Chinook. Chuaigh an chuid is mó de na teangacha seo in éag cheana féin. Bhí an Chinook Jargon á labhairt in iarthuaisceart [[Meiriceá Thuaidh|Mheiriceá Thuaidh]], áit a bhfuil [[Alasca]], stát [[Washington]], [[Oregon]] agus [[an Cholóim Bhriotanach]] inniu. D'iompaigh an teanga seo ina fásteanga chomh maith, teanga ar a dtugtar Chinook Wawa. Tá an teanga Chinook Wawa á labhairt mar theanga dhúchais i nGrand Ronde, Oregon inniu féin. Tháinig na focail ''skookum'' agus ''potlatch'' as an teanga seo. Bíonn focail de chuid na teanga á n-úsáid go coitianta i mBéarla an réigiúin, ar nós ''klahowya'', a chiallaíonn "Dia duit" nó "heileo".
 
* Tá an teanga [[Fanakalo]] nó Fanagalo á labhairt sna poill mhianaigh san [[an Afraic Theas|Afraic Theas]]. Tá sí bunaithe ar an teanga bhundúchasach úd [[Zulu]]. Tháinig an chuid is mó de na focail as an teanga Zulu. Thairis sin, tá focail Bhéarla, [[Afracáinis]]e agus fiú [[Portaingéilis]]e ann. Níl a dhath fágtha de ghramadach chasta na teanga Zulu, áfach, agus is gnách comhréir agus dul an Bhéarla a chur i bhfeidhm ar an teanga.