An difríocht idir athruithe ar: "Thomas Pynchon"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: la:Thomas Pynchon
No edit summary
Líne 1:
Scríbhneoir [[SAM|Meiriceánach]] is ea é '''Thomas Ruggles Pynchon Jr'''. Rugadh i Glen Cove,[[Nua-Eabhrac]] é ar an 8ú Bealtaine 1937. Chaith sé dhá bhliain ag déanamh staidéir ar fisic innealtóireachta i gCornell roimh dul isteach sa Chabhlach Meiriceánach. Sa bhliain 1957, d'fhill sé ar Chornell, ach an uair seo, bhí céim sa Bhéarla ar lorg aige. Ag an am seo, bhí [[Vladimir Nabokov]] ag tabhairt léachtanna san ollscoil, agus glactar leis go raibh Pynchon mar dhalta aige. Díthreabhach atá i bPynchon na laethanta seo ach tá sé fós ag scríobh - tháinig an leabhar ''Inherent Vice'' amach ar an 9ú Lúnasa 2009.
 
Tá stíl faoi leith ag Thomas Pynchon agus bíonn tréithe de scéalta bleachtaireachta ina leabhair. Chomh maith le sin, tagann téamaí cosúil le teagmháil, [[eantrópacht]], paranóia agus [[fochultúr]] amach i mórchuid dá scéalta.