An difríocht idir athruithe ar: "Charles Baudelaire"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 14:
}}
Francach ab ea '''Pierre Charles Baudelaire''', [[file]], [[léirmheastóir]], agus [[aistritheoir]] ([[9 Aibreán]], [[1821]] - [[31 Lúnasa]], [[1867]]). Ba dhuine conspóideach é sa 19 haois, agus a shloinne 'Baudelaire' ina leathfhocal do mheathlúchán ealaíonta agus liteartha. Ag an am céanna, bhíodh a oibreacha, go háirithe a leabhar filíochta [[Les fleurs du mal]] (''Bláthanna an oilc'') admhaithe mar chlasaic de [[litríocht]] na Fraince.
==Beathaisnéis==
===Luathshaol===
 
Rugadh Baudelaire i bPáras, an Fhrainc sa bhliain 1821. Bhí a athair, François Baudelaire, ina státseirbhíseach sinsearach agus ina ealaíontóir amaitéarach, agus bhí sé tríocha ceathair bliana níos sine ná Caroline, máthair Bhaudelaire. Fuair François bás le linn óige Bhaudelaire, sa bhliain 1827. An bhliain dar gcionn, phós Caroline an leifteanantchoirnéal Jacques Aupick, a bhí níos déanaí ina ambasadóir Fraince do chúirteanna na móruaisle éagsúla.
 
Bhí caidreamh Bhaudelaire leis a mháthair gar agus casta, agus gabh sé ceannas ar a shaol. Dúirt sé níos déanaí; "''ghráigh mé mo mháthair de bharr a gléastacht. Dandy seanchríonna a bhí ionam''" - agus i litir cuichí , " ''Bhí grá paiseanta agam duit i'm óige, ar feadh tréimhse''." Cé gur údar imní d' Aupick, a bhí ina smachtaí docht, tógáil agus todhchaí Bhaudelaire, roimh i bhfad, bhí sé in achrann le meon ealaíne a leasmhac.
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
{{DEFAULTSORT:Baudelaire, Charles Pierre}}