An difríocht idir athruithe ar: "Tonnmharcaíocht"

Content deleted Content added
Líne 4:
 
===Stair===
Tá stair an spóirt ársa seo chomh rúndiamhrach leis an spórt é féin. Níl a fhíos go baileach cén áit ar ghineadh cultúr an spóirt chultais seo. Luath nó mall is cinnte gur tháinig feasacht chúrsaí mara ar aon dream a chur chun farraige riamh. Cosmuintir tír s'againn féin ina measc. Mhúnlaigh siad a gcuid currachaí agus [[naomhóga]] ag braith ar an gceantar farraige a raibh siad ar fónamh. Cinnte bhí an fheasacht chéanna de dhíth ar mhuintir chladaigh iarthair na hAifrice agus [[Peiriú]]. Go deimhin thug a sinsir siúd adhradh do mhaidhmeanna. Pé scéal tá rian an chultúr marcaíocht mhaidhme greannta go smior i gcultúr na hoileáin [[Hawai'i]]. Is gáirdín pharthais iad na hoiléain chéanna don mharcach maidhme. Tá siad suite i gcroílár an [[Aigéin Chiúin/[[áigéan ciúin]] gan foscadh ó suaitheadh na farraige móire. Ní nach ionadh mar sin gur ann a tháinig fás agus borradh faoin spórt seo. Ní amháin gur chleacht gnáthmhuintir na noiléan an marcaíocht mhaidhme ach is cosúíl gur deasghnáth ríoga a bhi ann chomh maith. Ba ag na taoisigh a bhí ceart a bhealaigh ar na maidhmeanna. Ba le theacht an Caiptín James Cook chuig na hoiléin seo i 1778 a tháinig muintir na hEorapa agus muintir an domhain mhóir ar an spórt.
 
===Clár maidhme===