An difríocht idir athruithe ar: "An Táidsíceastáin"

Content deleted Content added
RóC (plé | dréachtaí)
príomhchathair
RóC (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 43:
|glaochód=992
|fonótaí=}}
Tír stairiúil agus poblacht iar-Shóivéadach i lár na h[[An Áise|Áise]] is ea í an '''Táidsíceastáin'''. Tá sí ag críochantacht leis an [[An Úisbéiceastáin|Úisbéiceastáin]], an [[An Afganastáin|Afganastáin]], an [[An Chirgeastáin|Chirgeastáin]], agus an [[An tSín|tSín]]. An chuid is mó de na poblachtaí [[An tAontas Sóivéadach|iar-Shóivéadacha]] i lár na hÁise, labhraítear teanga Thurcach éigin iontu, ach is eisceacht ar fad í an Táidsíceastáin, nó is canúint de chuid na Peirsise í an Táidsícis, arb í teanga náisiúnta na Táidsíceastáine í. Is í '''[[Dushanbe]]''' [[príomhchathair]] na [[An An Táidsíceastáin|Táidsíceastáine]].
 
Tá sé tábhachtach an fhíor-Tháidsícis a aithint thar na teangacha a labhraítear i Sléibhte Pamir. Tugtar "Táidsícigh" ar mhuintir na sléibhte seo, ach le fírinne, tá a gcultúr an-difriúil le cultúr na bhfíor-Tháidsíceach, agus na teangacha féin dothuigthe ar fad ag muintir na Táidsíceastáine. Is é an t-aon ghaol amháin atá acu leis an Táidsícis gur teangacha Iaránacha iad freisin, agus iad i bhfad níos seanársa ná an fhíor-Tháidsícis.