An difríocht idir athruithe ar: "Tonnmharcaíocht"

Content deleted Content added
Iolar (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Iolar (plé | dréachtaí)
catagóir idirvicí agus íomhá níos fearr
Líne 1:
[[Íomhá:SíomónarthonnandiabhailSurfing in Hawaii.jpg|300px|mion|Símón faoi gheasa350px|Marcaíocht tonnmhaidhme a'i Diabhail[[Haváí]]]]
Cleachtaítear an [[spórt]] '''marcaíocht mhaidhme''' in agus ar roinnt soithí éagsúla. Ina measc tá clár maidhme, clár colainne, [[Seoltóireacht|clár seoladh]], [[Kaiacadóireacht|kaiac]], [[Iomradh|currach]], agus fiú tocht ghaoth. Is é an bun-phrionsabal céanna a usáidtear, brúann fuinneamh na maidhme an marcach ar aghaidh.
 
===Stair===
Tá stair an spóirt ársa seo chomh rúndiamhrach leis an spórt é féin. Níl a fhíos go baileach cén áit ar ghineadh cultúr an spóirt chultais seo. Luath nó mall is cinnte gur tháinig feasacht chúrsaí mara ar aon dream a chur chun farraige riamh. Cosmuintir tír s'againn féin ina measc. Mhúnlaigh siad a gcuid currachaí agus [[Iomradh|naomhóga]] ag braith ar an gceantar farraige a raibh siad ar fónamh. Cinnte bhí an fheasacht chéanna de dhíth ar mhuintir chladaigh iarthair na hAifrice agus [[Peiriú]]. Go deimhin thug a sinsir siúd adhradh do mhaidhmeanna. Pé scéal tá rian an chultúr marcaíocht mhaidhme greannta go smior i gcultúr na hoileáin Hawai'i. Is gáirdín pharthais iad na hoiléain chéanna don mharcach maidhme. Tá siad suite i gcroílár an [[Aigéan Ciúin|Aigéin Chiúin]] gan foscadh ó suaitheadh na farraige móire. Ní nach ionadh mar sin gur ann a tháinig fás agus borradh faoin spórt seo. Ní amháin gur chleacht gnáthmhuintir na noiléan an marcaíocht mhaidhme ach is cosúíl gur deasghnáth ríoga a bhi ann chomh maith. Ba ag na taoisigh a bhí ceart a bhealaigh ar na maidhmeanna. Ba le theacht an [[An Astráil|Captaen James Cook]] chuig na hoiléin seo i 1778 a tháinig muintir na hEorapa agus muintir an domhain mhóir ar an spórt.
 
===Clár maidhme===
In aineoinn tuiscint forleathan i measc daoine nach gcleachtaíonn an mharcaíocht mhaidhme is fíor annamh a fhaightear clár déanta as adhmad sa lá atá inniu ann. Déantar furmhór na gcláracha maidhme nua aimseartha as cúr ''urethane'' (le snáth adhmaid mar spreacadh), snáthín gloine agus roisín ''polyester''. Braitheann múnla agus fad an chláir ar stíl agus cumas an mharcaí. Tá raon idir chúig throigh agus aon troigh déag ag fad na gcláracha.
 
===Rialacha===
Creid nó ná creid ar nós chuile spórt eile tá a rialacha féin ag baint le [[marcaíocht mhaidhme]]. Má bhíonn beirt ag ceasladh don mhaidhm chéanna caitheann an té is faide géilleadh don té is gaire don bhriseadh agus atá ina sheasamh. Is faoin té atá ag ceasladh amach i dtreo na maidhme an cúram marcaí eile a sheachaint.
 
Líne 15:
*[http://www.isasurf.ie Suíomh le heolas breise]
*[http://www.surfingireland.net Surfing Ireland]
 
[[catagóir:Spóirt]]
[[ca:Surf]]
[[da:Surfing]]
[[de:Wellenreiten]]
[[es:Surf]]
[[fr:Surf]]
[[it:Surf]]
[[he:גלישת גלים]]
[[nl:Surfen]]
[[ja:サーフィン]]
[[pl:Surfing]]
[[pt:Surf]]
[[ru:Сёрфинг]]
[[scn:Surfing]]
[[zh:衝浪]]