An difríocht idir athruithe ar: "Dervla Murphy"

Content deleted Content added
Líne 21:
 
Nuair a bhí iníon Murphy, Rachel, ag aois a cúig bliana, thionlaic sí í ar turas den chéad uair. D’eitil an bheirt go [[Bombay]] san India. Ó Bombay thaistil siad go [[Goa]] agus Coorg--''On a Shoestring to Coorg'' an leabhar a tháinig as an turas úd. In a dhiaidh sin, chuaigh an péire acu go dtí an Baltastáin (''Where the Indus is Young''), go [[Meiriceá Theas]] (''Eight Feet in the Andes''), agus go [[Madagascar]] (''Muddling Through in Madagascar''). Ar an turas deireanach le chéile acu, thaistil siad trí [[Camarún|Chamarún]] san Aifric ar chapall. Tá meas ag lucht na tire úd ar chaiple agus suim acu iontu; "Egbert" a bhaist na Murphys air. Glacadh Dervla mar fhear céile Rachel uaireanta. ''Travels with Egbert'' an leabhar a scríobh Murphy faoin turas.
 
Sna 1970idí déanacha thosaigh Murphy a scríobh faoina tír agus a saol féin le ''A Place Apart'' (1978), faoina cuid taistil i Tuaisceart na hÉireann nuair a chuaigh sí chun comhrá le Caitlicigh agus Prostatúnaigh araon ansin, agus le ''Wheels Within Wheels'' (1979), leabhar dírbheathaisnéiseach. Sna 1980idí, thosaigh téamaí polaitiúla a theacht chun tosaigh ina cuid scríbhneoireachta. Dar léi féin, bhí a leabhar ''Race to the Finish? The Nuclear Stakes'' (1982) an crosbhealach. Ar a shála sin, phléigh sí caidreamh idirchine i m[[Bradford]] agus i m[[Birmingham]] i Sasana (''Tales From Two Cities''), an [[SEIF]] (''The Ukimwi Road''), iarmhais na [[apairtéid|hapairtéide|]] (''South from the Limpopo''), cinedhíothú [[Ruanda]] (''Visiting Rwanda''), díláithriú lucht treibheanna (''One Foot in Laos''), agus atógáil iarchogaidh sna [[Balcáin]] (''Through the Embers of Chaos''). Tá sí i gcoinne próiseas domhandais, agus faigheann sí locht ar [[Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh|ECAT]] (NATO), an [[Banc Domhanda]], an [[Ciste Idirnáisiúnta Airgeadaíochta]], agus [[Eagraíocht na Trádála Domhanda]]. Labhair sí amach in aghaidh na [[cumhacht núicléach|cumhachta núicléiche]] agus [[athrú aeráide|athrú na haeráide]]. Fuair cuid daoine locht ar an “stuif polaitiúil” seo féin, ach deir Murphy mar fhreagra go raibh rudaí áirithe le rá aici agus gur cuma léi mura leabhair thaistil ghlana amach agus amach atá si ag scríobh.
 
==A Saol Pearsanta agus Gníomhaíocht Neamhliteartha==